Print Page Send to a Friend

Ceann Comhairle

Eolas

An chéad rud a dhéantar in aon Dáil nua tar éis olltoghcháin Ceann Comhairle a thogh ó bhaill na Dála. Is é/í an Ceann Comhairle Cathaoirleach na Dála. Cé go mbaineann sé/sí le páirtí polaitiúil ní mór dó/dí a bheith neodrach agus déanamh cinnte de go bhfaigheann chuile pháirtí agus chuile bhall neamhspleách cothrom na féinne in imeachtaí na Dála.

Toisc nach nglacann an Ceann Comhairle páirt i bpolaitíocht na Dála ón am go mbíonn sé/sí tofa, deireann an Bunreacht go mbeidh sé/sí tofa gan seasamh mar iarrthóir sa chéad olltoghchán eile.

Is é an Ceann Comhairle an Cathaoirleach ar imeachtaí na Dála. Tá nithe tábhachtacha le déanamh aige/aici:

  • Cuireann sé/sí glaoch chun cainte ar na Baill. Caithfidh gach píosa cainte sa Dáil a bheith dírithe ar an gCathaoir. Is féidir leis an gCeann Comhairle rún a chuir síos go bhfuil an t-ábhar pléite agus gur chóir deireadh a chuir leis an díospóireacht ar an ábhar áirithe sin.
  • Ag cuir ceisteanna ós comhair na Dála chun vóta a ghlaoch, ag coimeád súl ar an vótáil agus ag fógairt an toradh.
  • Ag coiméad smacht ar na himeachtaí agus ag coiméad ord ar obair na Dála. Is féidir leis an gCeann Comhairle iarradh ar dhuine de na baill an Teach a fhágáil muna bhfuil sé/sí ag cloí leis na rialacha agus is féidir leis nó léi moladh a dhéanamh go gcuirtear smacht ar bhaill áirithe den Dáil. Má tá imeachtaí imithe ó smacht sa Dáil is féidir leis an gCeann Comhairle an Dáil a chur ar fionraí nó ar atráth.
  • Ag déanamh monatóireachta ar imeachtaí na Dála - ag cinntiú go bhfuil na rúin, na leasuithe, na ceisteanna Parlaiminte & rl ag cloí le rialacha módh oibre na Dála. Bíonn an Ceann Comhairle mar Chathaoirleach ar an gCoiste Pribhléidí agus Ord Oibre, a mheasann leasuithe & rl do na "Rialacha Seasta". Is iad na Rialacha Seasta na rialacha a bhaineann le hord oibre na Dála a chuireann an Ceann Comhairle i bhfeidhm.
  • Is ag an gCeann Comhairle atá an vóta réitigh sa chás go mbíonn an uimhir chéanna vótaí ag an dá thaobh de aon rún Dála.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.