Eolas
An chéad rud a bhíonn le déanamh ag Seanad nua tar éis
ollthoghcháin Cathaoirleach nua a thoghadh i measc na Seanadóirí. Ní mór do
Chathaoirleach an tSeanaid gníomhú go neamhchlaonta.
Bíonn an Cathaoirleach sa chathair do chruinnithe an Tí agus is
féidir leis/léi painéal Cathaoirleach sealadach a ainmniú i measc na Seanadóirí
le cúnamh a thabhairt dó/di.
Tá roinnt feidhmeanna tábhachtacha ag an gCathaoirleach:
- Cuireann sé/sí glaoch ar chomhaltaí le labhairt. Is tríd an
gcathaoir a dhéantar gach óráid sa Seanad. Is féidir leis an gCathaoirleach rún
a mholadh deireadh a chur le díospóireacht nuair a cheapann sé/sí go bhfuil
dóthain plé déanta ar cheist.
- Ceisteanna a chur ós comhair an tSeanaid le vóta a
chaitheamh, maoirseacht a dhéanamh ar an vótáil agus na torthaí a fhógairt.
- Smacht agus ord a choinneáil sa Seanad. Is féidir leis an
gCathaoirleach ordú a thabhairt do Sheanadóirí imeacht agus moladh a dhéanamh
go gcuirfeadh an Seanad smacht ar chomhaltaí. Má tá rí rá sa Teach is féidir
leis an gCathaoirleach an Seanad a chur ar fhionraí nó a chur ar atráth.
- Maoirseacht a dhéanamh ar an obair sa Seanad - déanamh cinnte
go bhfuil rúin, leasuithe, Ceisteanna Parlaiminte agus mar sin ar fad ag teacht
le rialacha oibre an tSeanaid. Bíonn an Cathaoirleach ina C(h)athaoirleach
freisin ar Choiste Modhanna agus Pribhléidí an tSeanaid a bhreathnaíonn ar
cheisteanna a bhaineann le modh oibre go ginearálta agus a mholann leasuithe do
"na hOrduithe Seasta". Liosta rialacha don mhodh oibre iad na
hOrduithe Seasta a chuireann an Cathaoirleach i bhfeidhm.
- Tá vóta réitigh ag an gCathaoirleach in aon chás go mbíonn na
vótaí atá caite cothrom ar son nó i gcoinne ceiste.
- Bíonn an Cathaoirleach i láthair ag cruinnithe idirnáisiúnta
parlaiminte ar son an tSeanaid.