Tá bealaí éagsúla ina fheidhmíonn an t-údarás áitiúil. Cuirtear cuid dá dhualgais i bhfeidhm agus baill an údaráis ag gníomhú le chéile ag cruinnithe . Comhlíonann coistí roinnt dualgas (mar shampla an Coiste Gairmoideachais), agus comhlíonann an Bainisteoir Contae nó Cathrach dualgais eile.
D'fhéadfadh an Chomhairle rúin a ghlacadh ag cruinnithe den Chomhairle, mar shampla chun táillí agus rátaí a thabhairt isteach nó a athrú.
D'fhéadfadh an Chomhairle fodhlíthe a chur i bhfeidhm más ar leas an phobail é gníomh ar leith a rialú nó a smachtú. Tá an chumhacht aici chomh maith fodhlíthe a ghlacadh chun cosc nó stad a cur le núis sa cheantar.
Is minic a dhéanann údaráis áitiúla fodhlíthe maidir le páirceáil, brúscar agus gadhair a smachtú.
Dhá mhí roimh dó fodhlí a dhéanamh, ní foláir don údarás áitiúil fógra a fhoilsiú i nuachtán a dháilítear sa cheantar a bhaineann an fodhlí leis, ag rá go bhfuil sé i gceist aige an fodhlí a dhéanamh. Tá an ceart ag an bpobal an fodhlí atá molta a scrúdú agus a dtuairimí a nochtadh faoi, sula dtagann sé i bhfeidhm.
Má tá tú ag iarraidh fodhlí a scrúdú d'fhéadfá é sin a dhéanamh laistigh d'uaireanta oibre ag oifig d'údarás áitiúil. Níl táille ag baint le fodhlí a scrúdú.
Ma tá tú ag iarraidh cóip den fhodhlí a fháil, d'fhéadfaí iarraidh ort íoc as costas a chóipeála.
Chun fodhlí a scrúdú, d'fhéadfá dul chuig oifig d'údarás áitiúil agus iarratas a dhéanamh ar an bhfodhlí atá i gceist. D'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar chóip de a fháil chomh maith - d'fhéadfaí táille réasúnta a ghearradh ort as an gcóipeáil.
Má tá tú ag iarraidh moltaí a dhéanamh faoin bhfodhlí, d'fhéadfá é sin a dhéanamh i scríbhinn. Ní foláir duit do mholtaí a thabhairt don údarás áitiúil taobh istigh den teorainn ama. Leagann an t-údarás áitiúil síos an teorainn ama ach ní fhéadfadh sé a bheith níos lú ná seacht lá tar éis deiridh na tréimhse scrúdaithe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.