Rialtas Áitiúil

Eolas

Aithníonn Airteagal 28A de Bunreacht na hÉireann ról an rialtais áitiúil i dtaca le hionadaíocht dhaonlathach a dhéanamh ar phobail áitiúla na tíre. Aitheantas é seo a thacaíonn le ról an rialtais áitiúla ó thaobh ionadaíochta daonlathaí de agus a chinntíonn go mbeidh toghcháin áitiúla in Éirinn ar a laghad uair amháin gach cúig bliana

Ní hé amháin go ndéanann an rialtas áitiúil ionadaíocht ar mhuintir na bpobal áitiúil, ach bíonn feidhmeanna tábhachtacha aige freisin sa cheantar áitiúil. Mar sin, tá ról atá ionadaíoch agus feidhmeach ag an rialtas áitiúil, agus freagracht air as réimse seirbhísí. Feidhmíonn sé trí líonra d’údaráis áitiúla a thoghtar go díreach agus a sholáthraíonn, i measc nithe eile, fóram le haghaidh ionadaíocht dhaonlathach na bpobal áitiúil, maraon le féiniúlacht áitiúil a chur in iúl, riachtanais áitiúla a aimsiú agus tosaíochtaí áitiúla a shocrú.

Lena bhfeidhmeanna a chur i gcrích, tugtar cumhachtaí áirithe d’údaráis áitiúla.

Is é an Achta um Rialtais Áitiúil 2001 an reachtaíocht phríomhúil a bhaineann le húdaráis áitiúla..

Athchóiriú an rialtais áitiúil

I nDeireadh Fómhair 2012 d'fhoilsigh an Rialtas Daoine a Chur chun Tosaigh - Clár Gníomhaíochta um Rialtas Áitiúil Éifeachtach (pdf). Leagann sé amach beartas an Rialtais le haghaidh leasuithe ar fud na réimsí is mó an rialtais áitiúil. Leasaítear an tAcht um Athchóiriú an Rialtais Áitiúil 2014 an tAcht 2001. Le héifeacht ó Mheitheamh 2014, cuir córas cuimsitheach ceantair chathrach in ionad na comhairlí baile agus buirge, agus cuireadh chomhcheangal roinnt údarás áitiúla. Tá tuilleadh eolais maidir le hathchóiriú an rialtais áitiúil ar fáil ar an láithreán gréasáin Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Page edited: 28 August 2014