Cruinnithe den Údarás Áitiúil

Eolas

Is ag cruinnithe den chomhairle uile a dhéanann na húdaráis áitiúla mórchuid dá ngnó a reáchtáil. Bíonn na cruinnithe seo faoi réir ag reachtaíocht dlíthiúil. (Is é sin le rá go bhfuil sainrialacha dlíthiúla maidir le minicíocht na gcruinnithe agus modh oibre na gcruinnithe ar fáil i gCuid 6, agus Sceideal 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus sna rialacha gaolmhara -I.R.Uimh. 66 de 2002.

Tá, go bunúsach, ceithre chineál cruinniú ar leith a reáchtálann an rialtas áitiúil:

  • Cruinniú cinn bliana (a reáchtáiltear i Mí Bealtaine /Meitheamh gach bliain)
  • Gnáthchruinnithe (a reáchtáiltear go míosúil de ghnáth)
  • Cruinniú buiséid (a reáchtáiltear i dtreo dheireadh na bliana de ghnáth)
  • Cruinniú speisialta (a reáchtáiltear ó am go ham).

Is féidir leis an gCathaoirleach nó le cúigear ball den Chomhairle cruinniú a ghlaoch.

Ag an gcruinniú cinn bliana (a glaoitear i Mí Bealtaine/Meitheamh gach bliain), déanann na baill an Cathaoirleach a thoghadh. I ndiaidh toghchán áitiúil, is ionann an cruinniú cinn bliana agus an chéad chruinniú i ndiaidh an toghcháin). Faoi Alt 57 den Acht um Athchóiriú an Údaráis Áitiúil 2014, de ghnáth reáchtáiltear é ar an gceathrú lá déag (14ú) tar éis lá na votála. Is ag an gcruinniú cinn bliana seo a dhéantar na baill tofa éagsúla a cheapadh ar choistí éagsúla den údarás áitiúil, agus ar eagraíochtaí eile. Faoin Acht 2014, leagann an gcruinniú seo freisin an lá don chéad chruinnithe de na comhaltaí ceantair chathrach do gach ceann de na ceantair chathrach laistigh de cheantar an údaráis áitiúil. Ní mór dóibh tarlú laistigh de 10 lá ón gcruinniú bliantúil.

Rialaíonn an Cathaoirleach cruinnithe de chuid na Comhairle. Bíonn sé de cheart aige nó aici tairiscint a mholadh go bhfágfaidh Comhairleoir an cruinniú mar gheall ar a m(h)í-iompar. Má chuidítear leis an tairiscint, bíonn ar an gComhairleoir imeacht. Tá an chumhacht freisin ag an gCathaoirleach an cruinniú a chur ar athló i ngeall ar mhí-ord ginearálta nó má dhiúltaíonn duine an cruinniú a fhágáil tar éis iarraidh air/uirthi imeacht.

Má tá sé praiticiúil, ba chóir don údarás na cruinnithe a reáchtáil i bpríomhoifigí na Comhairle agus ba chóir socrú a dhéanamh do sceideal rialta gnáthchruinnithe agus cloí leis seo.

Tugann Rannóg 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001 gnáthcheart don phobal agus don phreas freastal ar chruinnithe den rialtas áitiúil. Má tá cúis ar leith ag an gComhairle, áfach, is féidir an cruinniú a reáchtáil go príobháideach, má thacaíonn ar a laghad 50% de na baill uile lena leithéid de rún. Ní mór dó a bheith ar mhaithe le leas an phobail an cruinniú a reáchtáil go príobháideach.

Tá sé de cheart ag an bpobal fógra trí lá a fháil do chruinnithe Comhairle - ní mór fáil a bheith go hoscailte ar an bhfógra i bpríomhoifigí na Comhairle.

Tá sé de cheart ag an rialtas áitiúil rialacha a chur i bhfeidhm maidir le ceart an phobail agus an phreasa freastal ar a chruinnithe. Is féidir, mar shampla, srian a chur ar líon na ndaoine ar féidir leo freastal de réir an spáis a bhíonn ar fáil, nó srian a chur ar ghriangrafanna a thógáil, agus is féidir socruithe a chur i bhfeidhm chun daoine a chur amach as an gcruinniú muna mbíonn siad á n-iompar féin mar is cóir.

Aontóidh gach rialtas áitiúil ar an íosmhéid ball (ar a dtugtar 'quorum') is gá a bheith i láthair chun cruinniú a thosú agus chun gnó a reáchtáil. Is ionann an quorum agus 25% móide a haon de líon iomlán na mball atá ar an údarás áitiúil. Mura slánuimhir í an 25% cuid den iomlán, is ionann an quorum agus an chéad slánuimhir eile móide a haon. Má chuirtear cruinniú ar ceal toisc nach bhfuil quorum ann, déantar na hainmneacha de na baill atá i láthair a liostáil.

Ag cruinniú na Comhairle, tá sé de cheart ag gach ball den Chomhairle vótáil i bhfábhar nó i gcoinne rún atá molta ag an gcruinniú. I formhór na gcásanna, glactar le rún nuair a vótálann tromlach na mball atá i láthair i bhfábhar an rúin.

Page edited: 25 August 2014