Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Áitiúil agus Réigiúnach > Coistí údaráis áitiúil

Print Page Send to a Friend

Coistí údaráis áitiúil

Eolas

I roinnt réimse de ghníomhaíocht rialtais áitiúil in Éirinn, is féidir plé, díospóireacht agus breithniúchán níos doimhne a bheith ann ag leibhéal coiste, seachas ag cruinnithe na comhairle iomláine. I ndiaidh phlépháipéar an Rialtais Better Local Government, tugadh isteach córas coiste nua agus níos struchtúrtha le haghaidh comhairlí contae agus cathrach in Éirinn. Cuireadh an córas nua in áit cuid de na coistí ad-hoc a tháinig chun cinn thar na blianta.

Coiste údaráis áitiúil a chruthú

Chun coiste a bhunú, glacann an Chomhairle rún ag cruinniú Comhairle. Ní foláir do thriúr bhall den Chomhairle ar a laghad a bheith ar an gcoiste. Ní fhéadfá a bheith i do bhall de choiste údaráis áitiúil muna bhfuil tú i do bhall den Chomhairle ach amháin má tá eolas, cáilíochtaí, nó taithí agat a bhaineann le feidhmiú an choiste.

D'fhéadfadh an Chomhairle cuid dá dualgais a thiomnú do choiste trí rún má ghlacann ar a laghad leath de bhaill na Comhairle leis an rún. Ní fhéadfadh sí, áfach, glacadh buiséad bliantúil an údaráis áitiúil a thiomnú. Ní fhéadfadh sí, ach oiread, an chumhacht chun Plean Forbartha a chruthú, rátaí a leagann síos, nó airgead a fháil ar iasacht a thiomnú.

Ní foláir do Chomhairlí Contae agus Cathrach "Coiste Polasaí Stráitéiseach" a bhunú chun polasaithe a bhaineann le feidhmiú na Comhairle a chur in eagar, a fhorbairt agus maoirseacht agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Caithfidh an Coiste Polasaí Stráitéiseach comhairle pholasaí a thabhairt don údarás áitiúil.

D'fhéadfadh Comhairlí Contae agus Cathrach "Coistí Áitiúla" a bhunú chomh maith, a chlúdaíonn ar a laghad ceantar toghchánach amháin laistigh de cheantar an údaráis. Tugann coistí áitiúla deis ceisteanna áitiúla ar leith a aimsiú, a phlé agus a shocrú go háitiúil. Mar shampla, d'fhéadfadh coiste áitiúil déileáil le feabhas nó forbairt phobail ceantar contae nó cathrach áirithe.

D'fhéadfadh Comhairlí Buirge nó Baile "Coistí polasaí bardasach" a bhunú chun na dualgais céanna le Coistí Polasaí Stáitéiseach a chomhlíonadh.

D'fhéadfadh dhá údarás ar a laghad "Comhchoistí" a bhunú chun dualgais na n-údarás áitiúil a chomhlíonadh.

Rialacha

Ní mór do gach ball den údarás áitiúil freastal ar SPC amháin ar a laghad. D’eisigh an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil na treoirlínte seo maidir leis na coistí seo agus tá siad leagtha síos i gCuid 7, Rannóga 48-54 den Acht Rialtais Áitiúil 2001. Leagann an reachtaíocht seo amach na socruithe a bhaineann le bunú na gcoistí seo.

Is baill tofa iad beagnach dhá thrian de bhallríocht na gcoistí seo. Ionadaithe leasanna earnála is ea an trian atá fágtha. Mar shampla, ionadaithe ó leasanna pobail, comhshaoil, gnó, ceardchumainn, feirmeoireachta.

Ní mór do chathaoirleach gach coiste a bheith ina bhall tofa den chomhairle. Ceapann an chomhairle cathaoirligh gach coiste ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bainisteoir Contae/Cathrach
    Tugann an cháipéis seo cur síos ar ról agus feidhm an Bhainisteora Contae nó Cathrach.
  • Comhaltaí udaráis áitiúil in Éirinn
    Tugann an cháipéis seo cur síos ar ról na gComhairleoirí in údaráis aitiúla.
  • Boird Forbartha Contae agus Cathrach
    Cuireadh Boird Forbartha Contae agus Cathrach ar bun in Éirinn chun na heagrais agus na comhlachtaí eochracha i gceantracha éagsúla a thabhairt le chéile. Déanfaidh na Boird pleanáil fhadtéarmach do cheantracha thar na deich mbliana amach romhainn.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.