Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Áitiúil agus Réigiúnach > Na húdaráis áitiúla

Print Page Send to a Friend

Na húdaráis áitiúla

Eolas

Tá 29 Comhairlí Contae in Éirinn ina bhfuil 753 baill.

Tá ar a laghad comhairle amháin do gach contae. Tá 3 Chomhairle Chontae ag Baile Átha Cliath, Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Chontae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin agus Comhairle Chontae Fhine Gall. Ta dhá chomhairle ag Contae Thiobraid Árainn, Tiobraid Árainn Thuaidh agus Theas.

Braitheann líon na gcomhairleoirí a d'fhéadfaí a thoghadh do gach Comhairle Chontae ar dhaonra an chontae. Mar shampla tá 48 ball ag Comhairle Chontae Chorcaigh agus níl ach 21 ag Comhairle Chontae Cheatharlaigh.

Tá dlínse nó smacht ag an gComhairle Chontae ar fud a ceantar riarthach. D'fhéadfadh líon áirithe ceantair Comhairle Bhuirge nó Bhaile a bheith laistigh de cheantar riarthach na Comhairle Contae. D'fhéadfadh an Chomhairle Chontae agus na Comhairlí éagsula Buirge agus Baile feidhmeanna an údaráis áitiúil a chomhdhéanamh nó a dhéanamh as a stuaim féin.

Chomh maith leis an gComhairle Chontae, bíonn bainisteoir Contae ag gach contae. Is é Bainisteoir an Chontae an bainsteoir do gach údarás áitiúil tofa sa Chontae.

Tá 5 Chomhairle Chathrach ann. Is iad sin Corcaigh le 31 ball, Baile Átha Cliath le 52 ball, Gaillimh le 15 ball, Luimneach le 17 ball, agus Port Láirge le 15 ball.

Ta 5 Chomhairle Bhuirge ann, Cluain Meala, Droichead Átha, Cill Chainnigh, Sligeach agus Loch Garman agus 75 Comhairle Bhaile.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 September 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An córas polaitiúil ag leibhéal aitiúil
    Tá cur síos anseo ar an córas rialtais ag leibheal áitiúil, ag leibheal contae/cathrach agus ag leibheal fochontae. Tá cur síos ar an ról agus na dualgaisí atá ag na húdarás áitiúla.
  • Cathaoirleach na Comhairle
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar ról agus feidhmeanna Cathaoirligh na n-údarás áitiúil.
  • Toghcháin Áitiúla
    Reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach 5 bhliain agus toghann baill den phobal áitiúil seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an phobail sna húdaráis áitiúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.