Tá údaráis áitiúla freagrach as raon fairsing seirbhísí poiblí a sholáthar i do cheantar. Ina theannta sin, cuireann údaráis áitiúla leas an phobail áitiúil chun cinn, lena n-áirítear forbairt shóisialta, eacnamaíochta, chomhshaoil, caitheamh aimsire, chultúrtha, phobail nó forbairt ghinearálta do cheantair.
Is gnách go mbíonn siad siúd miondealaithe ina n-ocht gcatagóir fairsinge:
I dteannta leis na feidhmeanna atá leagtha síos thuas, ról bunúsach atá ag an rialtas áitiúil a thoghtar go daonlathach ná ionadaíocht a dhéanamh ar phobail áitiúla, ábhair imní áitiúla a chur in iúl agus riachtanais áitiúla a riar.
Cuireann údaráis áitiúla tithíocht ar fáil ina gceantair agus cothaíonn siad iad. Measann siad riachtanais tithíochta sa cheantar agus tógann siad, ceannaíonn siad agus faigheann siad tithe cónaithe ar léas. Freisin, cuireann siad iasachtaí ar fáil le haghaidh feabhsaithe agus cóirithe tithe cónaithe taobh istigh den cheantar.
Cuireann údaráis áitiúla áiseanna, deiseanna agus seirbhísí ealaíne agus cultúrtha, spóirt agus cluichí, gníomhaíochtaí ginearálta siamsúla, leabharlanna agus feabhsanna cathartha ar nós séad-comharthaí ar fáil, agus bíonn cosaint timpeallachta agus oidhreachta, agus úsáid phoiblí áiseanna faoina gcúram.
Is é an t-údarás áitiúil an t-údarás pleanála chomh maith. Is é a dhéanann cinneadh cead pleanála le haghaidh tógála agus forbartha a thabhairt nó a dhiúltú. Cruthaíonn sé Plean Forbartha gach bliain a dhéanann cur síos ar a pholasaithe pleanála.
Cuireann údaráis áitiúla seirbhísí riachtanacha ar fáil ar nós bóithre agus droichid, seirbhísí dóiteáin, seirbhísí uisce agus draenáil. Rialaíonn siad chomh maith áiteanna agus foirgnimh dainséaracha, tithe coscartha do bheithigh agus do sheanchapall, agus cuireann siad ar fáil agus cothaíonn siad reiligí.
Tá ról tábhachtach ag an údarás áitiúil maidir le truailliú agus ainmhithe a smachtú. Eisíonn sé ceadúnais drámhaíola agus sceithe san aer ó mhonarcha. Bailíonn sé brúscar teaghlaigh agus drámhaíl eile agus scrúdaíonn sé an timpeallacht le haghaidh comharthaí truaillíochta. Chomh maith leis sin eisíonn sé ceadúnais ghadhar agus capall ina cheantar.
Eisíonn an t-údarás áitiúil ceadúnais do thrádálaithe sráide chun go mbeidh siad in ann earraí a dhíol ar an tsráid agus do thrádálaithe teagmhasach chun go mbeidh siad in ann earraí a dhíol ag áiteanna trádála teagmhasacha atá leagtha síos ag an gComhairle Chathrach, Chontae, Bhaile nó Bhuirge.
Tá ról tábhachtach ag údaráis áitiúla freisin maidir le seirbhísí sláinte ina gceantar féin. Déanann do Limistéar féin d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí sláinte poiblí a sheachadadh go háitiúil. Soláthraíonn na Limistéir FSS sin ospidéil, sanatóirí, tithe altranais, saotharlanna, clinicí agus ionaid sláinte ina limistéar agus déanann siad cothabháil orthu.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.