Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Áitiúil agus Réigiúnach > Bainisteoir Contae/Cathrach

Print Page Send to a Friend

Bainisteoir Contae/Cathrach

Eolas

Ceapann an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil Bainisteoirí Contae agus Cathrach chun na húdaráis áitiúla a bhainistiú. Roinneann cuid de na contaetha Bainisteoir Contae.

Comhlíonann an Bainisteoir Contae nó Cathrach dualgais fheidhmeannacha na Comhairle. Stiúrann, co-ordnaíonn, eagraíonn agus íocann sé/sí oibrithe agus oifigigh na Comhairle. Déanann sé/sí conarthaí ar son na Comhairle agus cuireann sé/sí séala oifigiúil na Comhairle ar cháipéisí. Sonraíonn dlí na hÉireann go soiléir in (Alt 144 den Acht Rialtais Áitiúil 2001): 'Beidh bainisteoir ag gach contae nó cathair ar a dtugtar "an ....... Bainisteoir Contae" nó "an ....... Bainisteoir Cathrach".

Rialacha

Nuair a cheaptar é/í, fanann an Bainisteoir Contae/Cathrach sa phost go dtí go bhfaigheann sé/sí bás, go n-éiríonn sé/sí as, nó go mbristear as a p(h)ost é/í. Is í 65 aois phinsin Bainisteora Contae/Cathrach.

Má tá an Chomhairle ag iarraidh Bainisteoir Contae/Cathrach a chur ar fionraí nó a bhriseadh as a p(h)ost, caithfidh an Chomhairle glacadh le rún. Caithfidh ar a laghad dhá thrián de na Comhairleoirí vótáil ar son an rúin tar éis fógra 7 lá a bheith faighte acu. Ansin ceadaíonn an tAire briseadh as post an Bhainisteora Contae/Cathrach.

Bíonn Bainisteoirí Contae/Cathrach Cúnta ag Contaetha agus Cathracha áirithe chomh maith le bainisteoir Contae/Cathrach.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 888 2000
Lóghlao:1890 202 021
Facs:(01) 888 2888
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.