Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Áitiúil agus Réigiúnach > Comhaltaí udaráis áitiúil in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Comhaltaí udaráis áitiúil in Éirinn

Eolas

'Comhairleoirí' a thugtar ar chomhaltaí gach údaráis áitiúil in Éirinn. (Mar shampla, Comhairleoir Contae, Comhairleoir Cathrach, Comhairleoir Baile, mar is cuí). Le reachtaíocht a shocraítear líon na gcomhaltaí ar gach údarás áitiúil. Sé sin le rá go bhfuil líon na gcomhaltaí ar gach Comhairle i ngach contae, cathair, buirg is baile sa tír socraithe de réir Sceideal a 7 den Acht um Rialtas Áitiúil 2001.

An pobal áitiúil a thoghann na comhaltaí díreach glan i dtoghcháin áitiúla. Braitheann líon na gComhairleoirí ar gach údarás áitiúil ar an daonra i gceantar an údaráis áitiúil.

Téarma Oifige

Téann na comhaltaí i mbun a gcuid dualgas seacht lá tar éis lá na dtoghchán. Cúig bliana a chaitheann gach comhalta in oifig, sé sin go ceann seacht lá tar éis na dtoghchán áitiúil dar gcionn - a bhíonn ann de réir dlí i mí Bealtaine nó Meitheamh ar lá a shocraíonn an tAire Comhshaoil, Pobal is Rialtais Áitiúil. Bítear ag súil leis go mbeidh gach comhalta tofa i láthair go rialta ag ollchruinnithe na comhairle agus na gcoistí rialtais áitiúil a bhfuil siad ina mbaill díobh, ach glactar leis go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh comhalta in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh de bharr tinnis, mar shampla.

Féadfaidh Comhairleoir éirí as ach fógra scríofa a thabhairt. Glactar leis go bhfuil sé éirithe as mura mbíonn sé i láthair ag cruinniú den Chomhairle ar feadh sé mhí as a chéile (ach amháin i gcás tinnis nó ar údar maith eile)

Ach sula mbíonn na sé mhí istigh d'fhéadfadh údarás áitiúil glacadh le rún ag ceadú sé mhí breise i gcás tinnis nó ar údar maith eile. Níl ach tréimhse amháin eile den chineál sin ceadaithe, gan níos mó ná ocht mí dhéag de neamhláithreacht leantach.

Má fhaigheann Comhairleoir bás, nó má éiríonn sé as, nó má dhícháiltear é mar chomhairleoir, líontar an folúntas trí "chomhthoghadh". An páirtí polaitíochta a chéad-ainmnigh an té faoi deara an fholúntais, is iad a ainmníonn an comhalta nua agus ansin ritheann an Chomhairle rún á cheapadh.

Rialacha

Níl cead ag Comhairleoirí bheith ina gcomhaltaí ar níos mó ná aon Chomhairle Contae nó Cathrach amháin. Tá cead ag Comhairleoirí, áfach, bheith ina gcomhaltaí ar Chomhairle Contae agus ar Chomhairle Baile nó Buirge araon.

Eitic agus Cóid Iompair

In Eanáir na bliana 2003 cuireadh creatlach nua eitice i bhfeidhm le heitic agus cóid iompair comhaltaí na n-údarás áitiúil a rialú. I gcoitinne, leagtar síos sa chreatlach go bhfuil sé de dhualgas ar gach comhalta agus fostaí d'údarás áitiúil caighdeáin chearta ionracais agus iompair a chleachtadh agus leas an phobail a dhéanamh le dúthracht. Chomh maith leis sin, ordaítear do gach comhalta dearbhú bliantúil a dhéanamh ar fhoinsí a leasa, aon bhuntáiste a d'fhéadfadh sé a bhaint as beartais an údaráis a fhógairt agus foinsí a leasa a liostáil i gclárleabhar poiblí.

Tá na foinsí leasa ba chóir a fhógairt go bliantúil liostáilte i Mír 175 de Acht na bliana 2001 agus i rialacháin ghaolmhara. (I gcoitinne, is éard tá i gceist ná úinéireacht talún nó maoine, scairshealbhóireachtaí, stiúrthóireachtaí, conarthaí le húdarás áitiúil. Bíonn ar gach comhalta foirm a líonadh gach bliain ag liostáil foinsí a leasa agus í a sheoladh ar ais ag an údarás).

Rataí

Le blianta beaga anuas tá creatlach tacaíocht airgeadais do Chomhairleoirí in Éirinn a leagann amach:

  • Íocaíocht comhalta (.i. iocaíocht de chineál tuarastail)
  • Liúntas bliantúil (chun íoc as freastal ar chruinnithe agus costais eile)
  • Costais ad hoc (.i. freastal ar chomhdhálacha agus imeachtaí eile)
  • Airgead Scoir (.i. cnapshuim scoir)
  • Faigheann Cathaoirleach na Comhairle agus cathaoirleach ceann de choistí an údaráis áitiúil (an Coiste Beartas Speisialta) liúntas breise.

Conas iarratas a dhéanamh

Le bheith i do chomhalta ar údarás in Éirinn ní mór go dtoghfaidh muintir na háite thú. Roimhe sin ní mór go n-ainmneofaí thú don toghchán. Tá tuilleadh eolais faoi ainmniú iarrthóirí do thoghcháin áitiúla anseo.

Tá tuilleadh eolais faoi bhallraíocht agus sonraí teagmhála de bhall d'údarás áitiúil ar fáil go díreach ó d'údarás áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 December 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Toghcháin Áitiúla
    Reáchtáiltear toghcháin áitiúla gach 5 bhliain agus toghann baill den phobal áitiúil seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an phobail sna húdaráis áitiúla.
  • Cathaoirleach na Comhairle
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar ról agus feidhmeanna Cathaoirligh na n-údarás áitiúil.
  • Cruinnithe den Údarás Áitiúil
    Tugann an cháipéis seo cur síos ar na cruinnithe éagsúla a reachtáileann údaráis aitiúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.