Tá Bord Forbartha Contae nó Cathrach ag gach contae agus cathair in Éirinn. Is ball den rialtas áitiúil a bhíonn ag treorú na mBord Forbartha seo. Bíonn ionadaíocht orthu ag eagrais forbartha áitiúla i do cheantar, chomh maith le gníomhaireachtaí Stáit agus páirtnéirí sóisialta eile. Cuireadh do Bhord Forbartha Contae nó Cathrach ar bun chun na príomhghníomhaireachtaí agus eagrais i do cheantar a thabhairt le chéile chun pleanáil fhadtéarmach a dhéanamh do do chathair nó do do chontae thar na deich mbliana amach romhainn.
Tá réimse leathan eagras i ngach contae agus cathair in Éirinn a oibríonn ar son an phobail. Mar shampla, rialtas áitiúil, gníomhaireachtaí stáit (is é sin, Coistí Gairmoideachais, FÁS, boird fiontraíochta chontae agus grúpaí LEADER). Tugann na Boird Forbartha Contae agus Cathrach na gníomhaireachtaí seo ar fad le chéile. Ciallaíonn sé seo go mbíonn deis ag na páirtnéirí seo aontú ar chur chuige maidir le seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil go háitiúil i do cheantar. D'fhéadfadh sláinte, oideachas, forbairt pobail, caitheamh aimsire, ionfrastruchtúr agus fostaíocht bheith san áireamh sna seirbhísí poiblí seo. Oibríonn gach Bord i gcomhpháirtíocht, agus déantar cinnidh trí chomhaontú.
I 2002, d'fhoilsigh gach Bord Forbartha Contae agus Cathrach in Éirinn a straitéis deich mbliana. Go bunúsach, baineann na straitéisí seo le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha do chontae agus do chathrach. Cé gur straitéisí deich mbliana atá iontu, bristear síos iad ina spriocanna trí go cúig bliana. Ní hámhain go leagann na spriocanna aontaithe seo síos cuspóirí is féidir a bhaint amach, ach chomh maith leis sin cuireann siad ar bun an ghníomhaireacht i do cheantar a bheidh i bhfeighil cur i gcrích na spriocanna seo.
Is féidir leat straitéis deich mbliana gach Boird Chontae agus Chathrach a fheiceáil anseo.
De ghnáth tagann baill an Bhoird Forbartha Chontae nó Chathrach as:
Chuathas i gcomhairle le pobail áitiúla agus eagrais dheonacha go fairsing ar fud na hÉireann chun Plean Forbartha do Chontae nó do Chathrach a fhorbairt. Bíonn ionadaíocht ag na pobail áitiúla agus na heagrais dheonacha seo ar na boird agus cabhraíonn sé seo le teagmháil dhéthreoch idir an Bord agus an pobal áitiúil. Chomh maith leis sin, cuireann an rannpháirtíocht áitiúil deis ar fáil chun go mbeidh gach duine in ann a b(h)arúil a chur sa scéal maidir le feidhmiú agus cur i gcrích na straitéise.
Taobh amuigh de na Boird Forbartha Contae nó Cathrach, bíonn roinnt coistí nó grúpaí oibre nascaithe le gach Bord. Caitheann na coistí seo le réimsí áirithe d'obair an Bhoird agus leis an straitéis chontae nó chathrach. Mar shampla d'fhéadfadh na coistí seo ceisteanna ar nós tionscnamh iompair faoin tuath, cur chun cinn turasóireachta i do cheantar, gnóthaí na n-óg agus cur chun cinn na Gaeilge a scrúdú.
Tá tuilleadh eolais faoi do Bhord Forbartha Contae nó Cathrach, a chuid oibre agus conas atá ag éirí leis go dtí seo, ar fáil ó do Stiúrthóir Pobail agus Fiontair áitiúil. Is féidir dul i dteagmháil leis an Stiúrthóir trí d'údarás áitiúil nó do Chomhairle Cathrach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.