Gach bliain, toghann údaráis áitiúla na hÉireann duine dá mbaill féin mar Chathaoirleach agus duine eile mar Leas-Cathaoirleach ar feadh tréimhse bliana.
Rialaíonn an Cathaoirleach cruinnithe de chuid na n-údarás áitiúil. Rialaíonn an Leas-Chathaoirleach cruinnithe nuair nach mbíonn an Cathaoirleach i láthair.
Tugtar Ard-Mhéara na Cathrach ar Chathaoirleach Chomhairlí Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh agus tugtar Leas Ard-Mhéara ar an Leas-Chathaoirleach.
Tugtar an Méara ar Chathaoirligh na gComhairlí Cathrach is na gComhairlí Baile eile agus tugtar an Leas-Mhéara ar an Leas-Chathaoirleach.
Is faoin gCathaoirleach cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an údaráis áitiúil. Bíonn vóta réitigh acu i gcásanna ina mbíonn roinnt chothrom vótaí maidir le ceist ar leith (seachas nuair a bhíonn Cathaoirleach nua á thoghadh). Bíonn an Cathaoirleach freagrach as riaradh gnóthaí agus smacht na gcruinnithe agus is féidir leis cruinniú speisialta de chuid na comhairle a ghlaoch (nó a ordú) agus eolas a fháil ón mBainisteoir Contae ar ábhair iomchuí
Ní mór do gach údarás áitiúil ceann dá bhaill a roghnú mar Chathaoirleach ar feadh tréimshe bliana, go dtí go dtoghtar comharba ag an gcéad chruinniú bliantúil eile. Is féidir an duine céanna a thoghadh do dhá thréimshe as a chéile. Toghtar an Cathaoirleach ag an gcruinniú bliantúil agus is é céad chúram an chruinnithe é. Tá rialacha speisialta ann maidir le toghadh an Chathaoirligh arna leagan amach i Mír 27 den Acht um Rialtas Áitiúil 2001.
Má tharlaíonn corrfholúntas in oifig an Chathaoirligh (mar shampla, i gcás bás nó éirí as oifig don Chathaoirleach nuair a bhíonn breis agus 12 mí fágtha ina théarma mar ionadaí áitiúil), tionólfar fothoghchán i dtoghcheantar an údaráis áitiúil d’fhonn an folúntas a líonadh. Má bhíonn níos lú ná 12 mí fágtha roimh an chéad thoghchán eile don údarás áitiúil, toghfaidh baill an údaráis áitiúil duine acu féin mar Chathaoirleach don tréimshe sin.
Tréimhse seirbhíse bliana a bhíonn i gceist le hoifig an Chathaoirligh. Is féidir duine a atoghadh don dara tréimhse áfach.
I gcás Comhairlí Contae nó Cathrach, bíonn cathaoirleacht an Ghrúpa Bheartas Chorpáráidigh (GBC) faoin gCathaoirleach, coiste ar fóram é chun ceisteanna beartais a bhaineann leis an gComhairle ar fad a phlé. Léigh breis eolais faoi choistí de chuid na n-údarás áitiúil anseo.
Déanann an Cathaoirleach ionadaíocht thar cheann an údaráis áitiúil. Ciallaíonn sé seo go bhfreastalaíonn an Cathaoirleach ar ócáidí sibhialta, poiblí agus searmanacha in Éirinn thar cheann an údaráis áitiúil.
Íoctar liúntas bliantúil don duine a fheidhmíonn mar Chathaoirleach, arna shocrú ag an údarás áitiúil.
Le bheith i do Chathaoirleach ar údarás áitiúil nó ar Chomhairle Cathrach, ní mór bheith i do bhall tofa den údarás sin. Tá breis eolais ar ainmniú iarrthóirí do thoghcháin do na húdaráis áitiúla in Éirinn ar fáil anseo. Tá eolas ar thoghcháin áitiúla in Éirinn ar fáil anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.