Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Bunreacht na hÉireann > Cearta an Teaghlaigh

Print Page Send to a Friend

Cearta an Teaghlaigh

Eolas

Tá cearta bunreachtúla ag an teaghlach atá bunaithe ar phósadh.

San áireamh tá:

  • Cearta príobháideachas an phósta: Ciallaíonn sé seo go bhfuil se de cheart ag lánúin a gcuid cinnithe féin a dhéanamh maidir le pleanáil clainne.
  • Tá sé de cheart acu oibriú as láimh a chéile, sult a bhaint as comhluadar a chéile agus a gclann. Seans go mbeadh bac ar an gceart seo nuair atá ball den teaghlach i bpríosún nó nuair is neamh-shaoránach céile amháin.
  • Tá sé de cheart ag tuismitheoirí a bheith ina bpríomhoidí nó oidí nadúrtha dá gcuid bpáistí. Caithfidh an Stát aitheantas a thabhairt do chearta tuismitheoirí oideachas creidimh, mórálta, intleachtúil agus sóisialta a sholáthar dá gcuid páistí. Ní féidir leis an Stát iachall a chur ort do chuid páistí a chur ar scoil nó chuig aon chinéal scoile áirithe ach is féidir leo iachall a chur ort íosmhéid áirithe oideachais a sholáthar do do chuid páistí.
  • Ceart Bunoideachais saor in aisce - Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh an Stát íoc ar bhunoideachas do pháiste. Ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir scoileanna le creideamh éagsúla nuair a thagann sé go dtí cúnamh airgid ón Stát.
  • An ceart rogha a dhéanamh maidir an saghas creidimh a bheidh ag do chuid páistí. Ní féidir leis an Stát cur isteach ar an gceart seo.
  • Tá prionsabal bunreachtúil i bhfeidhm a thugann cearta mar a chéile don dá thuismitheoir agus is caomhnóirí le cearta cothroma iad dá gcuid páistí. Má scarann na tuismitheoirí nó má fhaigheann siad colscaradh seans go ndéanfaidh na cúirteanna cinneadh maidir le cúram na bpáistí. Is é leas na bpáistí an ní is tábhachtaí.

Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.