Tá sé de cheart agat triail a fháil i láthair giúiré i gcásanna áirithe coiriúla.
Beidh tú ar thriail le breitheamh agus giúiré má tá tú cúisithe ar choir nach bhfuil mion. Tá roinnt coireanna ann agus tabharfar rogha duit do thriail a bheith faoi bhreith breithimh ón gcúirt dúiche nó le breitheamh agus giúiré.
Ní féidir le aturnae a bheith ar ghiúiré agus caithfidh an giúiré a bheith roghnaithe gan áird ó réimse leathan giúiróirí sa phobal.
Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.