Ní luann an Bunreacht go sainiúil ceart ar phríobháideachas ach aithníonn na cúirteanna go dtugann na cearta pearsanta sa bhunreacht an ceart ar phríobháideachas le tuiscint.
Mar shampla, ní féidir cur isteach in aon turas, go coinsiasach agus go héagórach le do chumarsáid phríobháideach i scríbhinn ná le do chomhráití teileafóin. Mar sin féin, d’fhéadfaí teorainn nó srian a chur ar do cheart ar phríobháideachas trí reachtaíocht ar mhaithe le leas an phobail, ord agus moráltacht phoiblí.
Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.