Téann an Bunreacht i mbannaí do shaoirse agus do neamhspleáchas pearsanta seachas nuair a thagann an saoirse sin salach ar dhlí na tíre.
Ciallaíonn sé seo, de ghnáth, go bhfuil tú i dteideal do shaoirse phearsanta a bheith agat ach amháin sna cásann áirithe sin ina bhfuil dlíthe i bhfeidhm a thugann cead tú a ghabháil agus tú a chuir faoi choimeád. Níl cead ag an Stáit cuir isteach ar do cheart do shaoirse phearsanta ach sa chás go mbriseann tú dlí a thugann cead dóibh tú a ghabháil agus/nó tú a chuir faoi choimeád.
Má cheapann tú go bhfuil tú faoi choimeád go héagórach is féidir leat iarratas a chuir ós cómhair na hArdchúirte. Muna féidir leis an duine nó leis an institiúid, ag a bhfuil tú faoi choimeád, cúis ghabhála a chruthú nó a chruthú go bhfuil an coimeád dleathach, tagann ordú ón Ardchúirt tú a scaoileadh saor. Tugtar ordú "Habeus Corpus" ar an ordú sin.
Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.