De réir an Bhunreachta tá ceart agat maoin a bheith agat. Geallann Airteagal 40.3.2 tríd is tríd go ndéanfaidh an Stát maoinchearta an uile shaoránaigh a chosaint. Tá sé de cheart agat freisin maoin a fháil mar oidhreacht, é a aistriú agus é a fhágil mar thiomnacht nuair a fhaigheann tú bás. Tugann an Stát geallúint nach gcuirfear aon dlí i bhfeidhm a chuirfidh isteach ar na cearta seo.
Tugtar aitheantas in Airteagal 43 gur cheart go rialófaí na cearta sin le prionsabail an cheartais shóisialta. Is féidir leis an stát dlí a chuir i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar an méid maoine príobháidí gur féidir leat a bheith agat más ar mhaitheas an phobail iomláin an dlí seo. Má chuireann an Stát dlí i bhfeidhm a chuireann srian leis an méid maoine príobháidí gur féidir leat a bheith agat, b'fhéidir go mbeadh ar an Stát cúiteamh a dhéanamh leat ar an srian seo.
Is samplaí iad pleanáil bailte agus reigiúin, cosaint ar shéadchomharthaí náisiúnta, talamh a ghnóthú go héigeantach agus cáin mhaoine de na srianta gur féidir a chuir ar an méid maoine gur féidir le duine a bheith aige/aici.
Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
D'fhoilsigh an Coiste Uilepháirtí Oireachtais um Bunreacht tuairisc (pdf) i 2004 a scrúdaíonn na hairteagail Bhunreachtúla ag plé le maoine príobháideach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.