Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Bunreacht na hÉireann > An Ceart chun na Beatha

Print Page Send to a Friend

An Ceart chun na Beatha

Eolas

Tugann an Bunreacht aitheantas faoi leith don cheart don bheatha agus tugann cosaint dó dá réir.

Leis an gceart chun na Beatha tá an ceart chun go ligfí do nadúr na beatha agus go mbeadh deis ar bhás nadúrach. Ní thugann sé seo an cead duit deireadh a chuir le do shaol ná brostú a dhéanamh ar an mbás. An rud atá i gceist le do cheart chun báis ná go ligfí duit bás nadúrach a fháil agus nach gcuirfí fad le do shaol i mbealach mí-nadúrach nó bréige.

Cuireadh cearta beatha an linbh sa bhroinn i mBunreacht na hÉireann sa bhliain 1983 tré leasú bunreachtúil. Tá cosaint do chearta beatha na máthar sa Bhunreacht freisin. Sa bhliain 1992, cuireadh dhá leasú eile leis an mBunreacht, ag tabhairt cirt do mháthair taisteal chuig stát eile agus an ceart eolas faoi sheirbhísí atá ar fáil i stát eile a fháil sa Stát seo.

Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bunchearta pearsanta de réir an Bhunreachta
    Deir an Bunreacht go bhfuil bunchearta pearsanta ar leith agat agus tugann sé aitheantas dóibh. Is cearta iad seo a bhaineann leis an gcine daonna, is cearta nádúrtha daonna iad agus dearbhaíonn an Bunreacht iad agus tugann sé cosaint dóibh.
  • Cearta Maoine
    Déantar cur síos anseo ar do cheart do úinéireacht maoine mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.
  • Do cheart ar Ionracas Colainne
    Déantar cur síos anseo ar do cheart ar Ionracas Colainne mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.