Tá sé de cheart agat do cholainn agus do phearsa a bheith saor ó chuir isteach d'aon chineál. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil sé de chead ag an Stát aon ní a dhéanamh a chuirfeadh do shaol ná do shláinte i mbaol.
Má tá tú faoi choimeád nó i bpriosún tá sé de cheart agat gan do shláinte a bheith i mbaol.
Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.