Seasann Bunreacht na hÉireann dod cheart maidir le do rogha creidimh a chleachtadh agus do shaoirse choinsiasa. Geallann an Stát nach mbeidh aon fhabhar ag dul do aon chreideamh faoi leith agus nach ndéanfar éagóir ar bhunús creidimh de.
Ní féidir le cúnamh Stáit do scoileanna idirdhealú a dhéanamh idir scoileanna le creidimh reiligiúnda difriúla. Tá an ceart ag gach leanbh freastal ar scoil sainchreidimh a fhaigheann maoiniú ón Stát gan iallach orthu a bheith páirteach i dteagasc reiligiúnda sa scoil.
D’fhéadfaí teorainn a chur le do chearta ar shaoirse reiligiúnda chun ord agus moráltacht phoiblí a chosaint.
Tá ceart saoránach ar shaoirse reiligiúnda in Éirinn leagtha amach in Airteagal 44 den Bhunreacht.
Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.