Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Bunreacht na hÉireann > Príomh Institiúidí an Stáit

Print Page Send to a Friend

Príomh Institiúidí an Stáit

Eolas

Bunaíonn Bunreacht na hÉireann príomh institiúidí Stáit na hÉireann agus déanann an Bunreacht cur síos orthu. Tá trí roinn dhifriúil sa chumhacht chun an stáit a rialú, an chumhacht reachtais, an chumhacht fheidhmeannaigh agus an chumhacht dlíthiúil.

Tá an deis chun dlíthe a dhéanamh ag an gcumhacht reachtais, mar shampla, chun reachtaíocht a chuir i bhfeidhm, é a chuir ar ceal nó chun athrú a dhéanamh ar an reachtaíocht. Tugann Airteagal 15 go dtí Airteagal 27 den Bhunreacht an chumhacht seo don Pharlaimint Náisiúnta nó don Oireachtas. Tá Dáil Éireann, Seanad Éireann agus an tUachtarán mar chuid den Oireachtas.

Tá an chumhacht chun an dlí a chuir i bhfeidhm ag an gcumhacht reachtais, mar shampla, na reachtais a chuir i bhfeidhm le cabhair ó na Gardaí, ón arm agus ó na stáit seirbhísigh. Tugann Airteagal 28 den Bhunreacht an chumhacht seo don Rialtas, 'sé sin, an Taoiseach, an Tánaiste agus baill den rialtas na hAirí Rialtais.

Sa chumhacht dlíthiúil tá an chumhacht atá ag na cúirteanna chun an dlí a aithint agus a chuir i bhfeidhm in aon chonspóid idir an duine aonar agus an Stát agus in aon chonspóid idir aon bheirt daoine. Tugann Airteagal 34 go dtí 37 de Bhunreacht na hÉireann an chumhacht seo do na Cúirteanna.

Déanann an Bunreacht, freisin, cur síos agus míniú a thabhairt ar ról An Chomhairle Stáit, ar ról an Ard-Reachtaire Cúntas agus Ciste agus ar ról An Ard-Aighne. Tugann an Bunreacht deis chun rialtas áitiúil a chuir i bhfeidhm agus déanann sé socrú chun ccaidreamh idirnáisiúnta a lámhsáil.

Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 April 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Reachtaíocht Mhíbhunreachtúil
    Tá sé de chumhacht ag an Ard-Chúirt aon dlí nó cuid de dhlí nach bhfuil ag luí leis an mBunreacht a chur ar ceal. Plé maidir le reachtaíocht mhíbhunreachtúil in Éirinn agus conas a thugadh breithiúnas ar reachtaíocht mhíbhunreachtúil.
  • An Bunreacht
    Is doiciméad dlí bunúsach é a dhéanann cur síos ar an mbealach ba chóir Éire a rialú agus ar na cearta saoránach Éireannaigh.
  • An córas polaitiúil ag leibhéal náisiúnta
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar an gcóras polaitiúil ag leibhéal náisiúnta, chomh maith le cur síos ar an Oireachtas. Tá míniú tugtha freisin ar na téarmaí polaitiúla a úsáidtear.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.