Ráthaíonn an Bunreacht do cheart chun do dheimhní is do thuairimí a nochtadh gan bac. Ach deireann sé chomh maith go gcaithfidh an Stát a dhéanamh cinnte nach ndéanfar an raidió, an preas ná an phictiúrlann a úsáid chun an t-ord nó an mhoráltacht phoiblí nó údarás an Stáit a bhonn-bhriseadh.
Deireann an Bunreacht chomh maith gur coir é aon ní diamhaslach nó ceannairceach nó graosta a fhoilsiú nó a aithris.
Tá go leor teorainneacha ar do cheart chun do dheimhní is do thuairimí a nochtadh gan bac. Mar shampla, ceadaíonn na hAchtanna um Chinsireacht ar Fhoilseacháin agus na hAchtanna um Chinsireacht ar Scannáin, cinsireacht ar fhoilseacháin mar leabhair agus scannáin.
Tá do cheart chun do dheimhní is do thuairimí a nochtadh gan bac leagtha síos in Airteagal 40 den Bhunreacht.Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.