Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Bunreacht na hÉireann > Ceart chun comhlachais agus cumainn a bhunú

Print Page Send to a Friend

Ceart chun comhlachais agus cumainn a bhunú

Eolas

Ráthaíonn an Bunreacht do cheart chun comhlachais agus cumainn a bhunú. D'fhéadfá comhlachas de chineál ar bith a bhunú ar chúis ar bith, bíodh sé i gcomhair cúrsaí spóirt, sóisialta, carthanachta, nó polaitiúla.

Tá teorainn ar an gceart seo de réir reachtaíochta chun ord agus moráltacht poiblí a chosaint. Mar shampla, ní féidir le comhlachais atá bunaithe chun treas nó le cuspóir ar bith atá in aghaidh an Bhunreachta nó in aghaidh an dlí, brath ar an gceart seo chun comhlachais agus cumainn a bhunú.

Tá do cheart chun comhlachais agus cumainn leagtha síos in Airteagal 40 den Bhunreacht. Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Saoirse Chreidimh
    Déantar cur síos anseo ar do shaoirse creidimh de réir mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.
  • Ceart chun deimhní agus tuairimí a nochtadh gan bac
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar an gceart chun deimhní agus tuairimí a nochtadh gan bac, mar a ráthaíonn Bunreacht na hÉireann é.
  • Bunchearta pearsanta de réir an Bhunreachta
    Deir an Bunreacht go bhfuil bunchearta pearsanta ar leith agat agus tugann sé aitheantas dóibh. Is cearta iad seo a bhaineann leis an gcine daonna, is cearta nádúrtha daonna iad agus dearbhaíonn an Bunreacht iad agus tugann sé cosaint dóibh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.