Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Bunreacht na hÉireann > Saoirse Tionóil

Print Page Send to a Friend

Saoirse Tionóil

Eolas

Geallann an Bunreacht go bhfuil sé de cheart agat cruinniú le chéile nó cruinniú go síochánta gan airm. Tá bac ar an gceart seo de réir reachtaíochta ar mhaithe le leas an phobail agus móráltacht a chosaint. Cuireann an dlí bac agus coinníonn sé smacht ar chruinnithe atá eagraithe le círéib a thosnú nó go bhfuil briseadh na síochána i gceist.

Tá bacann eile curtha ar shaoirse cruinnithe. Ní féidir leat teacht le chéile a eagrú ar áitreabh príobháideach gan cead an úinéara - tá sé sin ag sárú an dlí treaspás a dhéanamh ar thalamh duine. Níl paráidí nó mórshiúlta mídhleathach ach is núis pobail é má chuireann tú bac ar mhórbhealach. Níl cead agat mórshiúl nó cruinniú a eagrú taobh istigh de ½ mhíle ó thithe an Oireachtais nuair atá bac curtha ag na Gardaí air agus nuair a hiarradh ort scaipeadh as an mbealach.

Tá do cheart chun saoirse tionóil leagtha síos in Airteagal 40 den Bhunreacht. Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Saoirse Chreidimh
    Déantar cur síos anseo ar do shaoirse creidimh de réir mar atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann.
  • Bunchearta pearsanta de réir an Bhunreachta
    Deir an Bunreacht go bhfuil bunchearta pearsanta ar leith agat agus tugann sé aitheantas dóibh. Is cearta iad seo a bhaineann leis an gcine daonna, is cearta nádúrtha daonna iad agus dearbhaíonn an Bunreacht iad agus tugann sé cosaint dóibh.
  • Ceart chun deimhní agus tuairimí a nochtadh gan bac
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar an gceart chun deimhní agus tuairimí a nochtadh gan bac, mar a ráthaíonn Bunreacht na hÉireann é.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.