Dearbhaíonn an Bunreacht gur mar a chéile gach saoránach ós comhair an dlí. Ciallaíonn sé seo nach féidir leis an Stát idirdhealú a dhéanamh idir shaoránaigh go leatromach, míréasúnta nó go saor thoilteanach. Ní féidir caitheamh le duine amháin níos measa nó níos fearr ná aon duine eile sa phobal de bharr a c(h)uid tréithe daonna nó cúlra eitneach, ciníoch sóisialta nó creideamh.
Ach mar sin féin nuair atá an Stát ag deánamh reachtaíochta, is féidir cumas agus feidhm shóisialta a thabhairt san áireamh idir dhaoine ar leith sa phobal.
Tá do cheart chun comhionannas os comhair an dlí leagtha síos in Airteagal 40 den Bhunreacht. Féadfaidh tú téacs iomlán Bhunreacht na hÉireann a fhéachaint anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.