An Tionól Bunreachtúil

Eolas

Cuireadh an Tionól Bunreachtúil ar bun le Rúin Thithe an Oireachtais chun breithniú a dhéanamh ar roinnt athruithe ar Bhunreacht na hÉireann. Ba orthu seo a leanas a rinne an Tionól plé agus moltaí ar dtús:

  • Téarma oifige an Uachtaráin a laghdú go 5 bliana (ó 7 mbliana san am i láthair) agus é a chur ar chomhréim leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha
  • An aois vótála a laghdú go 17 mbliana d’aois (18 mbliana d’aois san am i láthair)

Ceanglaíodh ar an Tionól tuarascáil a thabhairt ar an gcéad dá shaincheist sin laistigh de 2 mhí óna chéad éisteacht phoiblí.

Ina dhiaidh sin, rinne sé plé agus thug sé tuarascáil ar na saincheisteanna seo a leanas:

  • Toghchóras na Dála a athbhreithniú
  • An ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin Uachtaránachta in ambasáidí na hÉireann, nó in áit eile, a thabhairt do shaoránaigh na hÉireann a chónaíonn lasmuigh den Stát
  • Foráil do phósadh comhghnéis
  • An clásal ar ról na mban sa bhaile a leasú agus rannpháirtíocht mhéadaithe i measc ban sa saol poiblí a spreagadh
  • Rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht a mhéadú
  • Cion an diamhasla a bhaint ón mBunreacht

Tar éis na tuarascálacha thuasluaite a chur i gcrích, rinne an Tionól plé agus moltaí ar dhá shaincheist bhreise, ba iad sin:

  • Athchóiriú na Dála
  • Cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha.

D’fhoilsigh sé a thuarascáil deiridh an 31 Márta 2014. Gheall an Rialtas go dtabharfadh sé freagra ar gach tuarascáil laistigh de 4 mhí.

Cruinnithe

Tionóladh an chéad chruinniú i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 1 Nollaig 2012. Tosaíodh cruinnithe iomlánacha an tionóil i mí Eanáir 2013 agus cuireadh ar siúl iad le linn na bliana. Ar an meán, bhí cruinniú amháin in aghaidh na míosa, seachas i mí Iúil agus i mí Lúnasa.

Rannpháirtithe

Ghlac 100 duine páirt sa Tionól. Is é an Rialtas a cheap cathaoirleach an Tionóil. Bhí 66 saoránach páirteach ann, agus roghnaíodh iad ar bhealach randamach agus chun bheith chomh hionadaíoch agus ab fhéidir do shochaí na hÉireann. Bá ghá go raibh na daoine sin i dteideal vóta a chaitheamh i reifreann. Fostaíodh cuideachta vótaíochta chun 66 duine a roghnú ó chlár na dtoghthóirí, daoine a bhí ionadaíoch don phobal i gcoitinne ó thaobh inscne, aoise, aicme shóisialta agus réigiúin de. Ina theannta sin, sainaithníodh roinnt baill ionadaithe nó scáthbhall chun páirt a ghlacadh ann agus chun áit bhaill an Tionóil a ghlacadh sa chás nach mbeidís in ann bheith i láthair.

Bhí na baill eile ina gcomhaltaí den Dáil agus den Seanad agus bhí ionadaí amháin ó gach páirtí polaitíochta i dTionól Thuaisceart Éireann ar mhian leis go ndéanfaí ionadaíocht dó. Bhí na hionadaithe do pháirtithe polaitíochta in ann ball eile dá bpáirtí parlaiminteach a roghnú sa chás nach mbeidís in ann bheith i láthair.

Bhí sainghrúpa comhairleach ag an Tionól, rud a bhí comhdhéanta de ghrúpa acadóirí, eolaithe polaitíochta agus dlíodóirí bunreachtúla.

Úsáid chlár na dtoghthóirí

Ba le rún Thithe an Oireachtais, agus níor le reacht, a cuireadh an Tionól Bunreachtúil ar bun. Ceadaíodh leis an Acht Toghcháin (Leasú) 2012 (pdf) clár na dtoghthóirí a úsáid chun na 66 ball is saoránach den Tionól a roghnú.

Cé go bhforáiltear leis na hAchtanna Toghcháin gur cion é faisnéis sa chlár a úsáid chun críocha seachas críocha toghcháin nó críocha reachtúla eile (mar shampla, baill ghiúiréithe a roghnú), is ann do leagan atheagraithe den chlár, rud ar féidir é a úsáid chun críoch ar bith. Áirítear leis an gclár sin tuairim is 300,000 vótálaí ar aontaigh go gcuirfí a n-ainmneacha leis.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis ar an Tionól agus ar a chuid oibre ar fáil ag constitution.ie.

Page edited: 28 July 2014