Is oifigigh phoiblí iad foireann na Státseirbhíse a chuidíonn leis na hAirí Rialtais ina Ranna Rialtais éagsúla. Níl an Státseirbhís luaite sa Bhunreacht ach is páirt an-tábhachtach den chóras pairliminte í.
Tá trí phríomh ról ag an Státseirbhís:
I ngach Roinn Stáit bíonn foireann oibre buan déanta suas de fhoireann riaracháin, foireann phroifisiúnta, foireann saineolaithe agus foireann teicniúil. I gceannas na státseirbhíseach i ngach Roinn tá Ard Rúnaí a ainmnítear ar chomhairle an Aire Rialtais agus a fhanann sa phost ar feadh tréimhse 7 mbliana. Ag leibhéal níos ísle ná an tArd Rúnaí sa státseirbhís tá méid áirithe Rúnaithe Cúnta agus tá gné faoi leith de obair na Roinne faoina gcúram. Síos uaidh sin aríst tá alán grádanna eile de Státseirbhísigh ag leibhéil éagsúla sinsearachta.
Earcaíonn an Státseirbhís foireann nua go rialta agus tá polasaithe láidir maidir le comhdheiseanna do chách
Cuireann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnúcháin ar fáil don státseirbhís. Cuireann siad seirbhísí earcaíochta agus comhairleoireachta ar fáil d’údaráis áitiúla, don FSS, don Gharda Síochána agus do chomhlachtaí poiblí eile.
Is comhlacht ar leith atá sa Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse
Poiblí. Leagann an Coimisiún síos caighdeáin, a fhoilsíonn sé mar chóid
chleachtais, maidir le hearcú agus roghnúchán chuig an státseirbhís, an
Garda Síochána, agus roinnt comhlachtaí seirbhíse phoiblí, lena
n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. I mí Iúil 2006,
d’fhoilsigh an Coimisiún cód cleachtais dar teideal Cód
Cleachtais i gcomhair Daoine faoi Mhíchumas a Cheapadh chun Post sa
Státseirbhís agus i gComhlachtaí Poiblí Áirithe (pdf).
Teach na Caibidle
26/30 Sráid na Mainistreach Íocht
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 1 858 7400
Lóghlao:1890 449 999
Facs:+ 353 1 858 7500
Láithreán Gréasáin: http://www.publicjobs.ie/
R-phost: info@publicjobs.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.