Déanann an Rialtas ionadaíocht ar Éirinn agus é i mbun caidrimh le tíortha eile. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an Roinn Stáit a bhfuil freagracht iomlán uirthi as an gcaidreamh sin a stiúradh. Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála atá i gceannas ar an Roinn agus tá foireann státseirbhíseach inti a thugann comhairle don Aire ar ghnéithe beartais agus caidreamh idirnáisiúnta. Freisin déanann an tAire agus an Roinn caibidlí le rialtais tíortha eile agus féadann siad comhaontuithe a dhéanamh leo thar ceann na hÉireann.
Má theastaíonn ón Rialtas go mbeadh Éire mar pháirt de aon chonradh idirnáisiúnta ní mór dóibh é a chuir ós cómhair na Dála , é a bheith pléite agus cead na Dála a fháil chun a bheith páirteach sa Chonradh. Chun go mbeadh aon chonradh idirnáisiúnta i bhfeidhm in Éirinn ní mór don chonradh a bheith glacadh isteach sa reachtaíocht in Éirinn i dtosach.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála roinnte i réimsí éagsúla: Áirítear ar na réimsí sin:
Mar Roinn Stáit a bhfuil freagracht iomlán uirthi as caidreamh na hÉireann le tíortha eile a stiúradh, tá roinnt feidhmeanna tábhachtacha eile ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Mar shampla eisíonn sí pasanna agus ceapann sí taidhleoirí agus consail chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ar fud an domhain.
Tá tuilleadh eolais ar an raon seirbhísí a bhaineann le
cosaint chonsalach shaoránaigh na hÉireann atá ar cuairt i dtíortha
eile nó ina gcónaí iontu ar fáil ón seoladh thíos.
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (01) 4780822
Lóghlao:1890 426700
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.