Aontas polaitiúil agus eacnamaíochta tíortha faoi leith san Eoraip é Aontas na hEorpa. Tá 27 Ballstáit ann: An Bheilg, An Ghearmáin, An Fhrainc, An Iodáil, Lucsamburg, An Ísiltír, An Danmhairg, An Ghréig, An Spáinn, Éire, An Ostair, An Phortaingéil, An Fhionlainn, An tSualainn, An Ríocht Aontaithe, An Phólainn, An Ungáir, An Laitvia, An Liotuáin, An tSlóibhéin, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Seice, An Eastóin, An Chipir, Málta, an Bhulgáir agus an Rómáin.
D'fhás Aontas na hEorpa as trí chomhphobal a bunaíodh i ndiaidh an dara Chogaidh Domhanda le síocháin agus rathúnas a bhunú san Eoraip. Bunaíodh i 1951 Aontas Guail agus Cruach na hEorpa, i 1957 bunaíodh Coimisiún um Fhuinneamh Adamhach na hEorpa agus bunaíodh freisin i 1957 Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
Tá bundlíthe Aontas na hEorpa leagtha síos sna conarthaí éagsúla a d'aontaigh agus a dhaingnigh na Ballstáit. Tá conradh daingnithe nuair atá glactha go foirmiúil leis ag Ballstát.
Conradh na Róimhe an conradh is tábhachtaí, a cruthaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1957. Ó glacadh le Conradh na Róimhe, d'aontaigh agus daingnigh na Ballstáit cúig chonradh eile; Conradh Cumaisc i 1967, An Ionstraim Eorpach Aonair i 1986, Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht) i 1992, Conradh Amstardaim i 1997, Conradh Nice i 2002 agus an Conradh Liospóin sa bhliain 2009.
Tá roinnt aidhmeanna ag Aontas na hEorpa:
Tá cúig phríomh institiúid ag riaradh Aontas na hEorpa:
Soláthraíonn Europe Direct seirbhís ghutháin agus ríomhphoist shaor in aisce ar féidir le saoránaigh í a úsáid le freagraí a fháil ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu i leith an AE. Tairgeann sí eolas faoi raon leathan ábhar lena n-áirítear reachtaíocht, beartais, forais, cláir agus cearta shaoránaigh an AE. Féadann sé úsáideoirí a tharchur freisin chuig an bhfoinse is fearr comhairle ag leibhéil an AE, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil. Tá líon ionaid faisnéise áitiúla Europe Direct in Éirinn.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.