An Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach

Réamhrá

Shínigh ceannairí gach comhalta de limistéar an euro agus 8 mballstát eile den AE an Conradh um Chobhsaíocht, Comhordú agus Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG) i Márta 2012. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013 agus tá sé de chuspóir aige disciplín fhioscach a threisiú i limistéar an euro trí riail chothromaithe bhuiséid agus trí mheicníocht uathoibríoch cheartaithe. Tugtar “an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach” nó “an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach” go minic ar an gConradh.Baineann an Conradh go hiomlán leis na tíortha a dhaingnigh é agus arb é an euro an t-airgead a úsáideann siad. Baineann rialacha éagsúla leis na tíortha neamheuro.

Conradh idir-rialtasach is ea an Conradh agus ní conradh AE é, ach is gá institiúidí an AE a úsáid chun é a chur i bhfeidhm. Ní dhéanann sé conarthaí reatha an AE a leasú. Cé nach bhfuil sé féin mar chuid de na conarthaí a rialaíonn an AE, cuirtear i bhfeidhm é agus baintear ciall as i gcomhréir le conarthaí an AE agus le dlí an AE.

Is é an cuspóir atá ag na páirtithe leis an gConradh ná chun substaint an chonartha a chorprú isteach i gconarthaí an AE a luaithe is féidir agus laistigh de 5 bliana tar éis go gcuirtear i bhfeidhm é, ar a dhéanaí.

An Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach

Déileálann an Conradh le 3 phríomhcheist:

  • Cobhsaíocht fhioscach, is é sin, na rialacha ar leibhéil easnaimh agus fiachais an rialtais (tugtar “an Comhshocrú Fioscach” go minic ar na rialacha fioscacha sa Chonradh)
  • Comhordú geilleagrach san AE
  • Conas a rialaítear limistéar an euro

rialacha sonracha AE ann cheana féin faoi na ceisteanna seo, go háirithe maidir le cobhsaíocht fhioscach. Luaitear cuid de na rialacha seo athuair sa Chonradh, agus déantar cuid díobh a atreisiú agus tugtar roinnt rialacha nua isteach.

Cobhsaíocht fhioscach

Ceanglaíonn an Conradh go gcuirtear na rialacha i dtaca le heasnaimh agus le fiachais rialtais sa dlí náisiúnta faoi dheireadh 2013 agus gurb ann do chomhlacht náisiúnta atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm.

Buiséad cothromaithe/coscán an easnaimh

Ceanglaíonn an Conradh gur gá don bhuiséad ginearálta rialtais bheith cothromaithe nó go mbíonn barrachas le sonrú ann. Ciallaíonn seo, go ginearálta, nach mór go mbeadh easnamh struchtúrtha rialtais níos mó ná 0.5% den olltáirgeacht intíre (GDP). Is é an t-easnamh struchtúrtha an t-easnamh ginearálta rialtais a dhéantar a choigeartú don chóras geilleagrach agus le haghaidh bearta aonuaire nó sealadacha. Ní mór é a mheas. Is deacair é a mheas go cruinn, áfach, agus ní féidir bheith go hiomlán beacht.

Má sháraíonn an t-easnamh struchtúrtha 0.5% den GDP, tá dualgas ar an rialtas oibriú chun é a laghdú. Ní mór seo a dhéanamh laistigh na teorainneacha ama a leagann an AE amach.

Má tá an t-easnamh rialtais go mór faoi bhun 60% den GDP agus má tá an t-airgeadas poiblí inmharthana san fhadtéarma, d’fhéadfadh an t-easnamh struchtúrtha bheith a mhéid le 1% den GDP.

Is é an t-easnamh struchtúrtha an t-easnamh ginearálta rialtais a dhéantar a choigeartú don chóras geilleagrach agus le haghaidh bearta aonuaire nó sealadacha. Ní mór é a mheas. Is deacair é a mheas go cruinn agus ní féidir bheith go hiomlán beacht.

Forálann an Conradh go gcomhlíontar na rialacha maidir le heasnamh struchtúrtha más ionann an t-easnamh agus a gcuspóir meántéarmach atá sonrach i leith tíre. Ciallaíonn seo go socraítear cuspóir ar leith do gach tír – cuirtear san áireamh cúinsí sonracha gach tíre nuair a bhíonn an cuspóir seo á shocrú. Déantar athbhreithniú ar an gcuspóir seo ó am go ham chun athruithe geilleagracha a chur san áireamh. Tá dualgas ar gach tír oibriú chun an cuspóir seo a bhaint amach a leagadh amach don tír laistigh d’amchlár a shocraigh an AE. Ní fhéadfaidh an tír imeacht ón amchlár ach amháin faoi chúinsí eisceachtúla. Is ionann cúinsí eisceachtúla agus:

  • Imeachtaí neamhghnácha nach bhfuil smacht ag an tír atá faoi chaibidil orthu a imríonn mórthionchar ar staid airgeadais an rialtais ghinearálta
  • Tréimhsí ina bhfuiltear thíos le cúlú mór geilleagrach.

Más ann d’imeachtaí móra ón gcuspóir meántéarmach nó ón amchlár a leagadh amach chun é sin a bhaint amach, cuirtear tús le meicníocht cheartaithe. Leagfaidh seo dualgas ar an tír an t-imeacht a cheartú thar thréimhse shainithe.

Leibhéal an fhiachais rialtais/coscán an easnaimh

Faoi na rialacha reatha, ceanglaítear ar gach tír a bhfiachas ginearálta rialtais a choimeád faoi bhun 60% den GDP. Luann an Conradh an ceanglas sin athuair. Sa chás go mbíonn an fiachas níos mó ná 60%, ní mór é a laghdú faoin bhfichiú cuid gach bliain, ar an meán, go dtí go mbaintear an sprioc amach.

Cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú

Má bhíonn sé ina chonclúid ag an gCoimisiún gur theip ar thír na ceanglais a chomhlíonadh chun na rialacha ar easnaimh agus fiachais rialtais a chur go hiomlán sa dlí, nó má bhíonn seo ina chonclúid ag tír eile, féadtar an cheist a atreorú chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Bíonn rialáil na Cúirte ina ceanglas ar gach páirtí. Má theipeann ar an tír cloí leis an rialáil, féadfaidh an Chúirt smachtbhannaí airgeadais a ghearradh ar an tír sin. Féadfaidh cnapshuim nó íocaíocht phionóis nach mó ná 0.1% de GDP na tíre bheith i gceist leis an smachtbhanna. I gcás thíortha limistéar an euro, beidh aon phionós den sórt sin iníoctha leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (ESM).

Ceanglaítear ar thíortha ag a bhfuil easnaimh iomarcacha (go teicniúil, na tíortha atá sa nós imeachta um easnamh iomarcach) clár sonrach a chur i bhfeidhm de leasuithe struchtúrtha atá in ainm is an t-easnamh a laghdú. Leagtar amach ábhar agus formáid na gclár seo i ndlí an AE. Déanann an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle monatóireacht orthu ar an mbealach céanna a dhéantar monatóireacht ar rialacha reatha an AE maidir le fiachas agus easnaimh, ar a dtugtar an Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis, faoi láthair. I measc rudaí eile, ceanglaítear ar thíortha a bpleananna a thuairisciú chun fiachas poiblí a eisiúint don Choimisiúin agus don Chomhairle.

Áirítear le monatóireacht a dhéanamh ar an gComhaontú Cobhsaíochta agus Fáis go ndéanann an Coimisiún Eorpach moltaí do cheartú easnamh iomarcach. Forálann an Conradh seo, go ginearálta, nach mór do na tíortha a dhaingnigh an Conradh tacú le tograí an Choimisiúin. Ní bheidh an dualgas seo i gceist sa chás go gcuireann tromlach cáilithe de thíortha limistéar an euro i gcoinne an mholta nó an chinnidh bheartaithe.

Comhordú geilleagrach

Forálann na conarthaí a rialaíonn an AE cheana féin do nósanna imeachta agus do mheicníochtaí éagsúla geilleagracha, lena n-áirítear roinnt a bhaineann go sonrach le tíortha limistéar an euro. Athluann na tíortha a dhaingnigh an Conradh a dtiomantas ginearálta chun na bearta a ghlacadh a theastaíonn ar mhaithe le dea-fheidhmiú limistéar an euro d’fhonn tabhairt faoi na cuspóirí lena mbaineann iomaíocht a chothú, fostaíocht a chur chun cinn, cur níos mó le hinmharthanacht airgeadais phoiblí agus cobhsaíocht airgeadais a threisiú. Anuas air sin, comhaontaíonn na tíortha daingnithe go ndéanfaidh siad leasuithe beartaithe geilleagracha a phlé i measc iad féin sula gcuirtear i bhfeidhm iad agus, sa chás gur cuí, go gcomhordaíonn siad na leasuithe sin.

Rialachas limistéar an euro

Déanann an Conradh cleachtas foirmiúil den chleachtas ina mbíonn cruinnithe neamhfhoirmiúla ar bun ag ceannairí thíortha limistéar an euro. Ceanglaítear ar chinn stáit nó rialtais thíortha limistéar an euro a dhaingníonn an Conradh casadh le chéile go neamhfhoirmiúil i gcruinnithe Mullaigh Euro. Ní mór go mbeidh na cruinnithe ar siúl le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Ní mór go dtugtar cuireadh d’Uachtarán Bhanc Ceannais na hEorpa chun páirt a ghlacadh agus féadtar cuireadh a thabhairt d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

Ceapann na cinn stáit nó rialtais thíortha limistéar an euro Uachtarán Chruinniú Mullaigh Limistéar an Euro, trí thromlach simplí, agus ag an tráth céanna, déanann an Chomhairle Eorpach a nUachtarán a thoghadh don téarma céanna oifige. Ní mór go dtiteann cruinnithe Mullaigh Limistéar an Euro amach ar a laghad faoi dhó sa bhliain.

Saincheisteanna eile

Forálann an Conradh do chomhdháil ionadaithe de Pharlaimint na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta d’fhonn plé a dhéanamh ar bheartais bhuiséadta agus ar shaincheisteanna eile a chuimsíonn an Conradh.

Tuilleadh Eolas

Tá fáil ar théacs iomlán an Chonartha (pdf) ar a láithreán gréasáin na Comhairle Eorpaí.

Page edited: 11 February 2014