Rialachas geilleagrach an AE

Réamhrá

Leagtar amach rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le fiachas agus easnaimh an rialtais sna conarthaí a rialaíonn an AE agus i sraith dlíthe an AE. Tá dhá mhór-riail cuimsithe in Airteagal 126 agus i bPrótacal Uimh. 12 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (pdf). Den chuid is mó, cuimsítear na rialacha sonracha ar na mór-rialacha seo a chur i bhfeidhm i dTreoracha agus Rialacháin an AE. Tugtar an Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis ar an mbailiúchán rialacha.

An Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis

Tháinig an Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) i bhfeidhm i 1998. Leasaíodh é roinnt uaireanta ó shin i leith, go háirithe i Nollaig 2011 nuair a tháinig an Sé-phaca i bhfeidhm.

Dhírigh an CCF i dtosach báire ar mhonatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh cuspóirí comhaontaithe na mballstát maidir lena n-easnaimh bhuiséid. I láthair na huaire, tá a mhacasamhail de phróiseas i bhfeidhm dá leibhéil fiachais phoiblí. Anuas air sin, aistríodh an díriú ó dhíriú ar cheartú go dtí cosc – ní mór do bhallstáit díriú níos mó ar inmharthanacht fhadtéarmach agus ní mór dóibh beartais neamh-inmharthana a cheartú a luaithe a shainaithnítear iad, sula n-eascraíonn fadhbanna tromchúiseacha. Cé go mbaineann sé le gach tír den AE, tá meicníochtaí níos déine forfheidhmithe ag an CCF le haghaidh chomhaltaí de limistéar an Euro.

I mBealtaine 2013, tháinig pacáiste nua reachtaíochta i bhfeidhm (an Dá-phaca) le haghaidh bhallstáit limistéar an Euro amháin, agus bhí 2 phríomhchuspóir aige:

  • Feabhas a chur ar chomhordú buiséadta trí amlíne chomónta bhuiséadta a thabhairt isteach do bhallstáit limistéar an euro agus ligeann don Choimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar phleananna buiséadta sula nglactar leo.
  • Chun feabhas a chur ar fhaireachas geilleagrach agus airgeadais i limistéar an euro trí chóras ina mbeadh ballstát atá thíos le deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais nó le héagobhsaíocht san earnáil airgeadais faoi réir faireachas feabhsaithe ag an gCoimisiún Eorpach

Mar chuid den amlíne chomónta bhuiséadta, ceanglaítear ar bhallstáit limistéar an euro a ndréachtbhuiséid a thabhairt i láthair ag an tráth céanna gach bliain (an 15 Deireadh Fómhair) agus tá an ceart ag an gCoimisiún iad a mheas. D’fhéadfadh an Coimisiún tuairim a eisiúint orthu nó d’fhéadfaidís a iarraidh go ndéantar athbhreithniú orthu dá mbeidís neamh-chomhsheasmhach leis an CCF. Ceanglaítear ar bhallstáit limistéar an euro comhairlí neamhspleácha fioscacha a bheith acu agus chun a mbuiséid a bhunú ar thuartha neamhspleácha.

Cosc agus ceartú

Deirtear, amanna, go bhfuil gnéchoisc agus gné cheartaithe ag an CCF. Is éard a bhíonn i gceist leis an ngné choisc seo comhfhaireachas ar bhallstáit. Is éard a bhíonn i gceist leis an ngné cheartaithe idirghabháil le sáruithe na rialacha a cheartú.

Is iad an dá mhór-riail ar leibhéal fhiachas agus easnaimh an rialtais:

  • Ní mór nach sáraíonn fiachas an rialtais 60% den olltáirgeacht intíre (GDP)
  • Ní mór nach sáraíonn easnamh an rialtais 3% den GDP seachas faoi chúinsí ar leith

Má sháraíonn ballstát an ceanglas seo, cuirtear nós imeachta um easnamh iomarcach i bhfeidhm. Ciallaíonn seo, i measc rudaí eile, go bhfuil an ballstát atá i gceist faoi réir fhaireachas foriomlán an AE agus ní mór dóibh cinntí an AE a chomhlíonadh faoi conas déileáil leis an bhfadhb. Ní mór do bhallstáit dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo a gcuspóirí meántéarmacha buiséadta a bhaint amach laistigh den tréimhse aistrithe a shocraítear dóibh.

Má imíonn ballstát go suntasach ón bplean chun an cuspóir meántéarmach buiséadta a bhaint amach, tugann an Coimisiún agus an Chomhairle foláireamh dóibh. Ó Nollaig 2011 i leith, d’fhéadfadh smachtbhannaí airgeadais bheith i bhfeidhm ar bhallstáit limistéar an euro nach dtéann i mbun an ghnímh chuí chun déileáil lena gcuid fadhbanna. Féadtar cinneadh a dhéanamh chun smachtbhanna airgeadais a chur i bhfeidhm a dhéantar trí rud ar a dtugtar nós imeachta vótáil tromlaigh cháilithe aisiompaithe (féach thíos).

D’fhéadfaí an nós imeachta um easnamh iomarcach a úsáid i gcásanna ina sáraítear an ceanglas fiachais chomh maith le sáruithe ar an gceanglas easnaimh. Arís eile, tugtar tréimhse aistrithe do bhallstáit chun oibriú i dtreo an cheanglais – go ginearálta, ní mór don fhiachas a bheith laghdaithe faoin bhfichiú cuid gach bliain. Bítear ag súil leis go n-oibríonn tíortha a bhfuil an nós imeachta um easnamh iomarcach i bhfeidhm cheana acu, mar gheall nár bhain siad an critéar 3% amach, i dtreo a bhfiachas a laghdú chomh maith. Tá acu 3 bliana breise chun an critéar 60% a bhaint amach tar éis go mbaineann siad an critéar 3% amach.

Faoi láthair, tá leas á bhaint ag líon ballstát den AE, Éire ina measc, as an nós imeachta um easnamh iomarcach. Tá go dtí 2015 ag Éirinn chun an ceanglas easnaimh 3% den GDP a bhaint amach agus go dtí 2018 chun an ceanglas fiachais a bhaint amach.

Vótáil tromlaigh cháilithe aisiompaithe

Go ginearálta, déantar cinntí an AE ar an mbealach a leanas:

  • Déanann an Coimisiún togra
  • Déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh ar an togra sin trí thromlach cáilithe

Déantar aon chinneadh chun smachtbhanna airgeadais a ghearradh ar bhealach éagsúil:

  • Déanann an Coimisiún moladh don Chomhairle
  • Gearrann an Chomhairle an smachtbhanna airgeadais mura vótálann tromlach cáilithe a gcomhaltaí ina choinne

Tugtar vótáil tromlaigh cháilithe aisiompaithe air seo.

An nós imeachta um míchothromaíocht mhaicreacnamaíoch

Meicníocht faireachais is ea nós imeachta um míchothromaíocht maicreacnamaíoch (MIP) a tugadh isteach i Nollaig 2011 chun déileáil le fadhbanna geilleagracha seachas fiachas agus easnaimh (mar shampla, mórathruithe ar infheistíocht idirnáisiúnta, easpórtálacha, costais saothair, fiachas na hearnála príobháidí nó costais tithíochta). Is éard atá i gceist leis seo go ndéanann an Coimisiún agus an Chomhairle idirghabháil ag céim luath chun cosc a chur ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha tarlú agus go socraítear na riachtanais chun na míchothromaíochtaí sin a cheartú. Má theipeann orthu iad a cheartú, d’fhéadfaí smachtbhannaí airgeadais a ghearradh ar an mbealach céanna má theipeann orthu dul i ngleic leis na ceanglais fiachais agus easnaimh (féach ‘Cosc agus ceartú’ thuas). Anuas air sin, déanfar cinneadh orthu seo trí thromlach cáilithe aisiompaithe.

Eisíodh an chéad Tuarascáil um Meicníocht Foláirimh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i bhFeabhra 2012. Ba é seo tús an nóis imeachta faireachais. Tá sé de chuspóir aici tíortha a shainaithint a bhféadfadh breis anailíse bheith ag teastáil uathu. Is éard atá i gceist léi ná scrúdú a dhéanamh ar líon táscairí geilleagracha chun míchothromaíochtaí féideartha a shainaithint. Ní dhéantar measúnú ar thíortha ar nós na hÉireann a bhfuil clár leasuithe á chur i bhfeidhm acu a rinneadh a phlé leis an gCoimisiún agus a bhfuil tacaíocht á fáil acu ó chúnamh seachtrach airgeadais mar gheall go bhfuil siad faoi réir faireachas feabhsaithe geilleagrach cheana féin.

Má mheasann an Coimisiún go bhféadfadh míchothromaíocht mhaicreacnamaíoch bheith ann, déanann siad moladh don bhallstát atá i gceist chun an mhíchothromaíocht a cheartú nó chun cosc a chur ar mhíchothromaíocht ó tharlú. Má mheastar go bhfuil cuid den mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch tromchúiseach nó go bhféadfadh sí baint d’fheidhmiú ceart an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle an ballstát a chur faoi smahctbhanna um míchothromaíocht iomarcach.

In athbhreithniú Fheabhra 2012, mheas an Coimisiún gur theastaigh athbhreithniú domhain ó 12 thír. I mBealtaine 2012, foilsíodh athbhreithnithe doimhne do na 12 bhallstát. Rinneadh na freagairtí cuí beartais leis na míchothromaíochtaí a sainaithníodh a chomhcheangal sa tsraith moltaí tírshonracha a d’eisigh an Chomhairle in Iúil 2012 faoin Seimeastar Eorpach.

An Seimeastar Eorpach

Is é an Seimeastar Eorpach an córas beartais a chuimsíonn athruithe geilleagrach, buiséadta agus struchtúrtha, mar aon le bearta chun feabhas a chur ar fhás.

Rinne rialtais i dtíortha limistéar an euro cláir chobhsaíochta a chur i láthair (a dhéileálann le beartais fhioscacha) in Aibreán. (Déanann rialtais sna limistéir neamh-euro cláir choinbhéirseachta a chur i láthair.) Áirítear leis na cláir seo breac-chuntas ar an gcéad bhuiséad beartaithe eile. Mar sin, tá sna cláir chobhsaíochta a chuir na ballstáit i láthair in Aibreán 2013 breac-chuntas ar bhuiséad 2014.

Anuas air sin, rinne rialtais Cláir Náisiúnta Athchóirithe a chur i láthair a dhéileálann le hathruithe struchtúrtha in Aibreán.

I Meitheamh, bheartaigh an Coimisiún sraith moltaí a bhaineann go sonrach le gach tír agus/nó dréacht-tuairimí a bhain le tuarascáil ar thír aonair mar aon le tuarascáil fhoriomlán do limistéar an euro.

Na Mór-Threoirlínte Beartais Eacnamaíoch

Déileálann na Mór-Threoirlínte Beartais Eacnamaíoch (BEPG) le beartais mhaicreacnamaíocha agus struchtúrtha don AE ina iomláine agus do na ballstáit aonaid. Déanann Airí na Comhairle Airgeadais iad a chomhaontú (ar a dtugtar Ecofin go ginearálta). Níl siad ina gceanglas dlíthiúil ar na ballstáit ach féadfaidh Ecofin moltaí a eisiúint le haghaidh gníomhaíocht cheartaithe. Is iad Eurogroup na hairí airgeadais ó na ballstáit a úsáideann an euro. Déanann siad monatóireacht ar chloí bhallstáit an euro leis na BEPGanna.

Page edited: 11 February 2014