Mar shaoránach den Aontas Eorpach (AE) is féidir leat dul chuig tír eile den AE chun cónaí, stáidéar, obair nó chun scor den obair. Tá do chearta sna ceantair sin le fáil i ndlí Mhargaidh Inmhéanach an AE. D’fhéadfadh sé sin teacht faoi réir coinníollacha agus srianta áirithe. Is iad ballstáit an AE/LEE is mó a bhíonn freagrach as na rialacha seo a chur i bhfeidhm i gceart. Ó am go chéile bíonn fadhbanna ag saoránaigh agus gnólachtaí de chuid Bhallstáit an AE/LEE a bhogann agus a riarann gnó idir Ballstáit le mífheidhmiú féideartha dhlí an Mhargaidh Inmheánaigh ag Ballstáit. B’fhéidir go mbeidh an ceart agat achomhrac a dhéanamh i gcoinne na gcinntí riaracháin sin. Mínítear anseo conas achomhrac a thabhairt i gcoinne na gcinntí sin tríd an tseirbhís SOLVIT agus na céimeanna nach foláir duit a ghlacadh más mian leat achomrac a dhéanamh.
Is seirbhís de chuid an AE/LEE í SOLVIT a dhéanann iarracht na fadhbanna os comhair saoránaigh agus ag gnólachtaí de bharr mhífheidhmiú dhlí an Mhargaidh Inmheánaigh a réiteach gan a dhul i mbun chaingean dlí. Is seirbhís shaor in aisce agus rúnda í SOLVIT a bhíonn ar fáil do dhuine ar bith ar fud an AE a shíleann nárbh fhéidir leo a gcearta faoin Margadh Inmheánach a fháil toisc riarachán i mBallstát eile a bheith ag mífheidhmiú dhlí an Mhargaidh Inmheánaigh.
Caithfidh tú a bheith i do shaoránach de chuid an AE/LEE chun saincheist a chur faoi bhráid SOLVIT. Caithfidh do ghearán a bheith i ndáil le mífheidhmiú dhlí an Mhargaidh Inmheánaigh ag Ballstát den AE/LEE. (Féach thíos le haghaidh liosta de shuímh Idirlín agus eagraíochtaí inar féidir leat do chearta faoi dhlí an Mhargaidh Inmheánaigh a sheiceáil). Tá sé tábhachtach go mb’fheasach duit nach féidir leis an tseirbhís SOLVIT cabhrú i gcásanna áirithe (Féach ‘Cásanna nach féidir le SOLVIT cabhrú leat’ thíos). Má ghlacann SOLVIT le do chás, áfach, dearbhóidh sé laistigh de sheachtain amháin go bhfeidhmeoidh sé ar do shon. Is é an gnáthfhráma ama do réiteach na n-achomhrac ná 10 seachtaine; d’fhéadfaí é seo a shíneadh i gcúinsí áirithe ámh.
Oibríonn SOLVIT mar chuid de Rialtas náisiúnta gach ballstát, agus tá gréasán d’ionaid SOLVIT ar fud an AE dá réir.
Mura mbíonn tú cinnte faoi do chuid ceart (.i. an bhfuil gearán bailí agat), b’fhéidir go mba mhaith leat dul i dteagmháil leis na heagraíochtaí seo a leanas sula gcuireann tú an ní faoi bhráid SOLVIT.
Soláthraíonn Europe Direct seirbhís ghutháin agus ríomhphoist shaor in aisce agus feidhmíonn mar an chéad phointe teagmhála le haghaidh eolas i dtaobh an AE. Tairgeann sí eolas ar raon leathan ábhar lena n-áirítear cearta shaoránaigh an AE. Féadann sé úsáideoirí a tharchur freisin chuig an bhfoinse comhairle is fearr ag leibhéil an AE, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil.
Seirbhís Threorúcháin do Shaoránaigh Soláthraíonn sainchomhairle dlí faoi chearta shaoránaigh an AE
Dialóg leis an Lucht Gnó: Soláthraíonn comhairle don lucht gnó san AE
Ionaid Eolais Eorpacha: Soláthraíonn eolas, comhairle agus cúnamh do Ghnóthais Bheaga agus Mheánacha san AE
Féadann Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn comhairle dhlí shaor in aisce a thabhairt duit faoi do chearta sa mhargadh aonair.
Is féidir leat tuilleadh a léamh thíos faoi phróiseas dhéanamh na n-achomhrac.
Bíonn na réitigh a mholtar tríd an tseirbhís SOLVIT neamhcheangailteach ar an ngearánaí. Mura mbíonn an t-iarratasóir sásta leis an réiteach a mholtar, nó mura mbíonn réiteach ar an bhfadhb, is féidir imeachtaí níos foirmiúla (.i. imeachtaí dlí ag an leibhéal náisiúnta nó ag leibhéal an Chomhphobail) a thionscnamh.
Tá sé tábhachtach go dtabharfaí faoi deara nach soláthraíonn SOLVIT seirbhísí abhcóideachta ar son saoránach ná gnólachtaí san AE. Ní bhíonn tionchar ar bith acu ar chúrsaí beartais, riaracháin srl. Déanann an Coimisiún Eorpach dianmhonatóireacht ar gach ionad SOLVIT, ámh, chun cineál, líon agus ábhar na n-achomrac a sheiceáil agus chun a chinntiú go mbíonn dul chun cinn á dhéanamh ar ualach na gcásanna.
Is seirbhís shaor in aisce í seo – ní ghearrtar aon mhuirear ar achomrac chuig an tseirbhís.
Téigh i dteagmháil leis an Ionad SOLVIT is gaire duit ar an bhfón, le facs, tríd an bpost nó trí ríomhphost. Beidh ort d’achomhrac a dhéanamh i scribhínn agus nuair a scríobhann tú chuig SOLVIT, ba cheart duit an oiread sonraí agus cóipeanna den bhun-chomhfhreagras agus is féidir a chur leis. Má bhíonn cúis ghearáin bhailí agat, déanfaidh d’Ionad SOLVIT áitiúil (ar a dtugtar an tIonad SOLVIT "Baile") seiceáil ar dtús ar mhionsonraí d’iarratais. Iontrálfaidh sé do chás ansin ar chóras bhunachar sonraí ar líne ionas go ligfear dá sheoladh ar aghaidh go huathoibríoch chuig an Ionad SOLVIT sa Bhallstát eile inar tharla an fhadhb (ar a dtugtar an tIonad "Ceannais" SOLVIT).
Déanfaidh an dá Ionad SOLVIT teagmháil le chéile i rith thréimhse an iniúchta agus coinneoidh d’Ionad SOLVIT Baile tú ar an eolas maidir le dul chun cinn, agus an réiteach a mholtar.
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire
Facs:+353 (0)1 631 3853
Láithreán Gréasáin: http://www.solvitireland.ie/
R-phost: solvit@deti.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.