Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Eorpach > Dlí an AE > Dlíthe na hEorpa

Print Page Send to a Friend

Dlíthe na hEorpa

Eolas

Tá bundlíthe nó rialacha Aontas na hEorpa (AE) leagtha síos i gconarthaí. Ní mór do gach ballstát gach conradh a aontú agus a dhaingniú. Deartar go bhfuil conradh daingnithe nuair atá glactha leis mar chuid de dhlí na mballstát.

Is é Conradh na Róimhe, a chruthaigh an Comhphobal Eacnamaíochta Eorpach i 1957 an conradh is tábhachtaí. Ó bhí Conradh na Róimhe ann bhí cúig chonradh eile aontaithe agus daingnithe ag na baillstáit uilig;

  • Conradh an Chumaisc i 1967 a thug le chéile institiúidí an trí phobail
  • An Ionstraim Eorpach Aonair i 1986, a chruthaigh an t-aonmhargadh
  • Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht) i 1992, a sholáthair aontas eacnamaíoch agus polaitiúil i measc na mballstát
  • Conradh Amstardaim i 1997, a rinneadh roinnt athruithe ar chumhachtaí institiúidí an AE agus a chruthaigh an bealach leis an AE a mhéadú.
  • Conradh Nice sa bhliain 2001 a rinneadh tuilleadh athruithe ar chumhachtaí agus struchtúir na n-institiúidí le cur ar chumas an Aontais é féin a mhéadú.
  • Conradh Lisbon 2007 a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009 a rinneadh tuilleadh athruithe ar chinnteoireacht ar leibhéal AE.

Is iad na conarthaí príomhfhoinse dlí an AE ach tá fo-fhoinsí eile ann freisin: tá cumhacht reachtaíochta ag institiúidí an AE. Tá an chumhacht seo roinnte idir Coimisiún na hEorpa, agus Comhairle Aontas na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa. Is féidir beochan maidir leis an phróiseas seo a fháil ar an suíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, eumatters.ie.

Rialacha

Tá cineálacha difriúla fo-reachtaíochta ann:

  • Rialacháin. Is dlíthe iad seo a bhaineann le gach duine, na Ballstáit ar fad san áireamh. Glactar le Rialacháin mar chuid den dlí náisiúnta agus cuirtear i bhfeidhm iad sna cúirteanna náisiúnta láithreach. Níl aon ghá le reachtaíocht náisiúnta len iad a thabhairt isteach sa dlí.
  • Treoracha. Ordú do na Ballstáit í Treoir le reachtaíocht náisiúnta a thabhairt isteach ar mhaithe le toradh faoi leith. Tá sé suas ag na rialtais náisiúnta cinneadh a dhéanamh cén cineál reachtaíochta a theastaíonn leis an toradh sin a bhaint amach. Is iondúil go mbeidh dáta leagtha síos i dTreoir leis an reachtaíocht chuí a bheith curtha i bhfeidhm.
  • Cinnithe. Bíonn cinneadh dírithe ar ghrúpa teoranta nó grúpa faoi leith daoine, mar shampla Ballstát amháin nó corparáid. Ní mór dóibh siúd lena mbaineann siad cloí leo.
  • Moltaí agus tuairimí. Ní gá cloí leo seo – níl iontu ach moltaí.

Déantar reachtaíocht an AE a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Chomhphobail agus bíonn an dáta lena dtagann sé i bhfeidhm luaite freisin san Iris. Foilsítear an tIris Oifigiúil gach lá oibre agus tá roinnt rannóga ann ina measc reachtaíocht, eolas agus fógraí agus tairiscintí poiblí. Is féidir leat téacsanna dlíthiúla an AE a chuardach ar shuíomh idirlín EUR-Lex. Ceann de na gnéithe is tábhachtaí den Aontas Eorpach go bhfuil a reachtaíocht níos údarásaí ná aon reachtaíocht náisiúnta. Mar sin tá cumhacht uachtarach ag Dlí na hEorpa. Ní féidir le tada i mBunreacht na hÉireann ná in aon cheann denár dlíthe náisiúnta dlí na hEorpa a shárú nó tosaíocht a bheith aige ar dhlí na hEorpa.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 December 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Aontas na hEorpa
    Aontas polaitiúil agus eacnamaíochta tíortha faoi leith san Eoraip é Aontas na hEorpa. Faigh amach conas a bhunadh Aontas na hEorpa, ballraíocht agus aidhmeanna an AE.
  • Treaty of Lisbon
    An outline of the main aspects of the Lisbon Treaty.
  • Fiscal Treaty – Introduction
    Gives a brief overview of the Treaty on Stability, Coordination and Governance in the Economic and Monetary Union, also known as the Fiscal Stability Treaty.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.