I láthair na huaire tá 736 Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa (FPE) ann. Toghtar 12 feisire as Éirinn. Reáchtáiltear toghcháin dhíreacha do Pharlaimint na hEorpa gach cúig bliana. Léigh tuilleadh eolais faoi toghcháin eorpacha, ainmniú iarrthóirí agus incháilitheacht do thoghchán anseo. Féach liosta de na FPE reatha go léir anseo nó díreach sonraí FPE do Thoghcheantair na hÉireann.
Tagann baill de Pharlaimint na hEorpa (Feisirí Eorpacha) le chéile le plé agus vótáil a dhéanamh ar mholtaí an Choimisiúin ar feadh seachtaine chuile mhí ag Parlaimint na hEorpa i Strasbourg na Fraince. Tugtar "lánsuí" ar seo. Bíonn lánsuíonna breise sa Bhruiséal. D'fhéadfadh sé go dtiocfadh an Pharlaimint le chéile ag "seisiún neamhghnách" má éilíonn formhór na mball é seo, mar shampla, má thagann ceist fíor thábhachtach chun cinn.
Tagann coistí parlaiminte le chéile go hiondúil ar feadh coicíse gach mí sa Bhruiséal le bheith gar do Choimisiún na hEorpa agus do Chomhairle Aontas na hEorpa.
Déantar gach díospóireacht parlaiminte a léirmhíniú i 23 teanga oibre an Aontais: Bulgáiris, Seicis, Danmhairgis, Ollainnis, Béarla, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Ungáiris, Iodáilis, Gaeilge, Laitvis, Máltais, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis agus Sualainnis. Aistrítear gach doiciméad parlaiminte go dtí na 23 teanga agus foilsítear iad iontu. Rinneadh an 23ú teanga oifigiúil agus oibre den Ghaeilge ar 1 Eanáir, 2007.
Chomh maith le glacadh le moltaí maidir le reachtaíocht agus an buiséad, tá baint ag an bParlaimint le scrúdú a dhéanamh ar obair an Choimisiúin agus Chomhairle Aontas na hEorpa tré ceisteanna béil a chur ar bhaill na n-institiúidí sin ag na lánsuíonna.
Íoctar an tuarastal céanna le feisirí Eorpacha agus a íoctar le teachtaí i bparlaimint náisiúnta a dtíre. Mar sin tá an tuarastal céanna ag feisirí Eorpacha Éireannacha agus atá ag Teachtaí Dháil Éireann. Ach, sa bhreis ar a dtuarastail, íoctar suim le feisirí Eorpacha le costais a chlúdach a bhaineann lena gcuid dualgas a chur i gcrích agus le cúntóirí a earcú. Is féidir na liúntais seo a ghearradh siar muna mbíonn feisirí Eorpacha ag glacadh páirte go rialta san obair ag na lánsuíonna. Tá moltaí ann an córas seo a athrú le go mbeidh an tuarastal céanna dhá íoc le gach feisire Eorpach.
Sa Pharlaimint, suíonn na feisirí Eorpacha i ngrúpaí polaitiúla,
ní shuíonn siad i ngrúpaí náisiúnta. Faoi láthair tá 8 ngrúpa
polaitiúil sa Pharlaimint chomh maith le roinnt ball "neamh-cheangailte" nó
baill neamhspléach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.