Tá 8 gcinn de ghrúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa, páirtithe sóisialta agus timpeallachta chomh maith le páirtithe atá ar dheis an láir:
Grúpa de Pháirtí Muintir na hEorpa agus Daonlathaithe na hEorpa. Is é seo an grúpa is mó sa Pharlaimint le 265 Feisirí ina mbaill.
Grúpa Sóisialaithe na hEorpa. 184 Feisire atá sa ghrúpa seo.
Grúpa Páirtí Liobrálach, Daonlathach agus Leasaitheoirí na hEorpa. Tá 84 Feisire sa pháirtí seo.
Grúpa de lucht comhshaoil/Comhaontas Saor na hEorpa. 55 Feisire atá sa pháirtí seo.
Grúpa Comhcheangal Aontas Clé na hEorpa/Comhshaoil Clé Nordach. 35 Feisire atá sa pháirtí seo.
Grúpa ar son Aontais ar son Eoraip na Náisiúna. 54 Feisire atá sa pháirtí seo.
Grúpa Eoraip na nDaonlathas agus na nÉagsúlachtaí. 32 Feisire atá sa pháirtí seo.
Baill neamhcheangailte (is baill iad seo nach bhfuil comhcheangailte le haon grúpa polaitiúil). Tá 27 Feisire neamhcheangailte i bParlaimint na hEorpa.
Ní shuíonn na Feisirí Eorpacha ina ngrúpaí de réir náisiúntachta. Suíonn siad le páirtí polaitiúil agus baineann siad úsáid as na seirbhísí rúnaíochta atá ar fáil don pháirtí sin.
Oibríonn na feisirí go neamhspléach agus ní féidir iachall a chur orthu vóta a chaitheamh ar bhealach faoi leith. Níl aon aoire páirtí i bhfeidhm agus mar sin más mian leo vóta a chaitheamh i gcoinne polasaithe atá ag an bpáirtí is féidir leo é sin a dhéanamh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.