Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Eorpach > Institiúidí an AE > Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Print Page Send to a Friend

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Eolas

Is éard atá i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBE) ná institiúid bhreithiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh. Ciallaíonn sé seo go ndéileálann sé le díospóidí idir pháirtithe mar a dhéanann na cúirteanna in Éirinn. Tá an fheidhm thábhachtach ag an CBE a chinntiú go ndéantar ateangaireacht ar agus go gcuirtear dlí Eorpach i bhfeidhm ar an mbealach céanna i ngach ballstát. Suíonn an chúirt i Luxembourg agus tá sé déanta suas ag 27 breitheamh, breitheamh amháin as gach ceann de na ballstáit. Anuas ar an 27 breitheamh a shuíonn ag an ECJ, tá ochtar Abhcóide Ginearálta a thugann tuairimí réasúnaithe ar chásanna chun cabhrú leis an CBE a cinntí a dhéanamh.

Caithfidh na cáilíochtaí a bheith ag Breithimh agus ag Abhcóidí Ginearálta a bheith ceaptha ag na cúirteanna náisiúnta is airde ina mballstáit nó d’fhéadfaidís a bheith ina ndlí-eolaithe (dlíodóirí acadúla). Caithfidh a neamhspleáchas a bheith thar amhras. Ciallaíonn sé seo nuair a cheaptar iad, ní féidir leo a bheith i seilbh aon oifig eile bunaithe ar riarachán ná ar pholaitíocht agus ní féidir leo aon ghairm a chleachtadh, bíodh sé íoctha nó gan íocaíocht. Tá na Breithimh agus na hAbhcóidí Ginearálta ceaptha trí chomhaontú rialtais na mballstát. Tá téarma de shé bliana in-athnuaite acu.

Suíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus éisteann sí le cásanna i rith na bliana ar fad.

Bunaíodh An Chúirt Chéadchéime sa bhliain 1989. Rialaíonn An Chúirt Chéadchéime ar chatagóirí de chásanna ar leith ag an gcéad chéim, mar shampla, cásanna maidir le sárú dlí na hiomaíochta, sárú pholasaí tráchtála nó pholasaí sóisialta nó díospóidí maidir le rialacháin foirne an AE. Is féidir cinntí den Chúirte Chéadchéime a achomharc chuig an ECJ.

Cumhdaíonn an CBE na Conarthaí agus cinntíonn sí go ndéantar ateangaireacht ar agus go gcuirtear dlí na hEorpa i bhfeidhm ar an mbealach céanna ar fud an AE trí mhúnlaí éagsúla de chaingne dlí. Cuimsíonn siad seo:

  • Réamhrialuithe. Chun difríochtaí ateangaireachta de dlí an AE ag cúirteanna náisiúnta a sheachtaint, ceadaíonn an gnáthamh réamhrialaithe comhoibriú idir chúirteanna náisiúnta agus an CBE. Má thagann cás os comhair chúirt náisiúnta a bhaineann le hateangaireacht dlí an AE agus mura bhfuil amhras ar bith faoin gcaoi ar chóir ateangaireacht a dhéanamh air, atreoróidh an chúirt náisiúnta an cheist chuig an CBE chun cinneadh a dhéanamh uirthi. Déanfaidh an CBE cinneadh ar an gcaoi ar chóir ateangaireacht a dhéanamh ar an dlí nó cén chaoi é a chur i bhfeidhm agus seolfaidh sé an cinneadh sin chuig an gcúirt náisiúnta. Ní mór don chúirt náisiúnta an cinneadh a chur i bhfeidhm ar an gcás roimhe.
  • Imeachtaí maidir le feall oibleagáid a chomhlíonadh. D’fhéadfadh an Coimisiún nó ballstát tús a chur le himeachtaí ag an CBE d’fhonn iallach a chur ar bhallstát géilleadh le dlí an AE. Má chinneann an ECJ go bhfuil an ballstát i gceist fabhtach, ní mór don bhallstát an dáil a cheartú gan mhoill.
  • Imeachtaí le haghaidh neamhnithe. D’fhéadfadh ballstát, An Coimisiún, Comhairle an Aonais Eorpaigh nó Parlaimint na hEorpa iarraidh ar neamhniú nó ar chealú dlí an AE. D’fhéadfadh sé seo tarlú má achtaíonn institiúid de chuid an AE dlí i gcoinbhleacht le Conarthaí an AE. Má aontaíonn an CBE go bhfuil an dlí díospóidte i gcontráilte na gConarthaí, fógróidh sé an dlí ar neamhní go hiomlán. Is féidir le daoine príobháideacha imeachtaí le haghaidh neamhnithe dlí an AE a thógáil más féidir leo a léiriú go bhfuil tionchar ag an dlí díospóidte orthu go díreach agus go haonánach. Chun imeachtaí le haghaidh neamhnithe a thógáil, ba cheart duit comhairle dlí agus/nó ionadaíocht a fháil. Ní gá duit dul tríd na cúirteanna náisiúnta ar dtús chun imeachtaí le haghaidh neamhnithe a thógáil san ECJ. Má chailleann tú an cás ag an CBE, seans go mbeidh ort costais an dá thaobh a íoc. Má éiríonn leat, íocfaidh an AE as do chostais agus fógrófar an dlí neamhní go hiomlán ar fud an AE.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Europe Direct

R-phoist: foirm teagmhála ar líne

Teil:+800 678 91011
Láithreán Gréasáin: http://ec.europa.eu/europedirect/index_en.htm

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An AE agus an dlí teaghlaigh
    Is é ról an AE sa dlí teaghlaigh go príomha ná a chinntiú gur féidir cinntí a dhéantar i dtír amháin a chur i bhfeidhm i dtír eile. Tá ról freisin ag an AE ó thaobh cinneadh a dhéanamh cén tír ag a bhfuil dlínse chun éisteacht le cás ar leith.
  • European Council's guarantees and assurances on the Lisbon Treaty
    A second referendum was held in Ireland on the Lisbon Treaty. The Treaty did not change, but the European Council gave specific guarantees about how the Treaty would affect Ireland in a number of areas. Find out more about the European Council's guarantees.
  • Treaty of Lisbon
    An outline of the main aspects of the Lisbon Treaty.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.