Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Eorpach > Institiúidí an AE > Coimisiún na hEorpa

Print Page Send to a Friend

Coimisiún na hEorpa

Eolas

Tá Coimisiún na hEorpa bunaithe sa Bhruiséal, sa Bheilg. Tá oifigí ag an gCoimisiún freisin sa Lucsamburg; ionadaíocht i ngach tír den AE agus toscaireachtaí i go leor príomhchathracha ar fud an domhain.

Tá 27 Coimisinéirí air, ceann ó gach Ballstát.

Tá roinnt feidhmeanna tábhachtacha ag an gCoimisiún:

  • Cuireann an Coimisiún tús le reachtaíocht. Déanann sé moltaí do Dhlíthe na hEorpa, a cuirtear chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa le leasú agus le ceadú.
  • Feidhmníonn an Coimisiún mar choimirceoir conarthaí an AE. Déanann sé cinnte go bhfuil reachtaíocht an AE curtha i bhfeidhm i ngach Ballstát. Is féidir leis an dlí a chur ar Bhallstáit nó ar ghnónna nach gcloíann le dlí na hEorpa.
  • Údarás feidhmiúcháin atá ann - déanann sé bainistiú ar pholasaithe agus ar an mbuiséad bliantúil.
  • Déanann an Coimisiún ionadaíocht ar son an AE go hidirnáisiúnta. Tugann sé i gcrích comhaontuithe trádála agus comhoibrithe le tíortha taobh amuigh den AE.

Aontaíonn Rialtais na mBallstát ar dhuine le n-ainmniú mar Uachtarán an Choimisiúin tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Nuair atá an tUachtarán ainmnithe, déantar baill eile an Choimisiúin a roghnú agus a aontú. I ndáiríre, ainmníonn Rialtas gach Ballstáit Coimisinéir ag brath ar a chóras roghnaithe féin. Mar sin bíonn éagsúlacht taithí agus gairmeacha sa Choimisiún, polaiteoirí, dlíodóirí, státseirbhísigh agus daoine acadúla. Ní mór ansin don Pharlaimint vóta a chaitheamh le ceapachán an Uachtaráin agus baill eile an Choimisiúin a cheadú. Dá dtarlódh sé gur dhiúltaigh an Pharlaimint duine nó níos mó de na Coimisinéirí a cheapadh, ní mór don chóras roghnaithe tosú arís. Déantar baill an Choimisiúin a cheapadh ar feadh tréimhse inathnuaite de 5 bliana.

Mairfidh téarma oifige an Choimisiúin ó 2010 go dtí 2014. Déantar Uachtarán an Choimisiúin a cheapadh ar feadh tréimhse inathnuaite de 5 bliana. Faoi láthair is é an tUas.

Tugtar dualgais do gach coimisinéir. Is é Uachtarán an Choimisiúin a dhéanann an cinneadh cén cúram a thabharfar do gach Coimisinéir agus más gá atheagrú ar na cúraimí sin i rith téarma oifige an Choimisiúin. Bíonn Coimisinéirí ag feidhmiú go néamhspléach ar son leasa an AE. Ní ar son leasa a mBallstát féin a bhíonn siad ag obair.

Ceapann gach Coimisinéir comh-aireacht dá c(h)uid féin le chef de cabinet i gceannas air. Grúpa beag comhairleoirí atá sa chomh-aireacht (cúigear go hiondúil) a thugann cúnamh don Choimisinéir cinnithe den Choimisiún a ullmhú.

Chomh maith leis na comh-aireachtaí tá foireann an Choimisinéara eagraithe i rannóga speisialta ar a dtugtar Príomh Stiúrthóireachtaí agus iad sin roinnte ina Stiúrthóireachtaí agus ansin ina nAonaid. Ag ceann gach roinn tá Príomh Stiúrthóir atá freagrach don Choimisinéir Cuí.

Le cúnamh a chur ar fáil do na Coimisinéirí a ndualgais a chur i gcrích tá foireann oibre sa bhreis ar 24,000 fostaithe agus íoctha ag an gCoimisiún. Is as na Ballstáit ar fad a thagann an fhoireann oibre seo agus ina measc tá saineolaithe teanga, dlíodóirí, saineolaithe i réimsí faoi leith - mar shampla talmhaíocht nó tionscal - agus foireann riaracháin. Is féidir le Parlaimint na hEorpa iachall a chur ar an gCoimisiún ina iomlán éirí as oifig. Ní mór do dhá-thrian de na vótaí caite agus ar a laghad ½ de na Feisirí Eorpacha aontú le rún cáinte i dtaobh an Choimisiúin.

Bíonn cruinniú uair amháin sa tseachtain ag an gCoimisiún le rúin a mholadh, páipéir pholasaithe a aontú agus le cinnithe a thógáil. Nuair atá cinneadh tógtha, glactar leis mar pholasaí an Choimisiúin agus bíonn lán-tacaíocht na gCoimisinéirí uilig aige.

Cuireann Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh lárionad eolais poiblí ar fáil le faisnéis faoi gach gné den Eoraip.

Where to apply

Oifig an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

18 Sráid Dawson
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 634 1111
Facs:+353 (0)1 634 1112
Láithreán Gréasáin: http://ec.europa.eu/ireland/press_office/index_en.htm
R-phost: eu-ie-info-request@ec.europa.eu


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.