Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Rialtas Eorpach > Institiúidí an AE > Comhairle Aontas na hEorpa

Print Page Send to a Friend

Comhairle Aontas na hEorpa

Eolas

Is é Comhairle Aontas na hEorpa an príomhchomhlacht cinnteoireachta san AE. Rinneadh institiúid oifigiúil de chuid an AE de Chonradh Liospóin nuair a tugadh feidhm di ar 1 Nollaig 2009.

Tá an Chomhairle Aontas na hEorpa comhdhéanta d' aon Aire Rialtais amháin de gach Ballstát. Cé nach bhfuil ach Comhairle amháin, buaileann grúpaí Airí éagsúla. Braitheann an grúpa ar an ábhar á phlé sa chruinniú seachtainiúil. Mar shampla, más é talmhaíocht an t-ábhar á phlé, beidh na hAirí Talmhaíochta de gach Ballstát ag freastal agus ag suí mar an Chomhairle.

Trí phríomhfheidhm atá ag Comhairle Aontas na hEorpa:

  • Cumhacht Reachtaíochta. Roinneann an Chomhairle an chumhacht seo le Parlaimint na hEorpa. Sa chuid is mó cásanna déantar Dlíthe na hEorpa le córas comh-chinnithe. Mar sin chomh-thoghann an Chomhairle agus an Pharlaimint moltaí do reachtaíocht a thagann ó Choimisiún na hEorpa. Is féidir leis an gComhairle agus leis an bParlaimint leasuithe a dhéanamh ar reachtaíocht faoin gcóras seo. Ach, tá ceisteanna tábhachtacha faoi leith, mar shampla, reachtaíocht chánach, nach féidir leis an bParlaimint ach tuairim a nochtadh maidir le píosa reachtaíochta molta a dhéanamh ina dlí.
  • Comhordnú polasaithe eacnamaíocha na mBallstát. Gach bliain, déanann an Chomhairle treoirlínte a dhreachtú do pholasaithe eacnamaíocha na mBallstát. Déantar ansin moltaí díbh seo agus déanann an Chomhairle maoirseacht ar na Ballstáit agus iad dhá gcur i bhfeidhm.
  • Cumhacht an sparáin. Roinntear an chumhacht seo leis an bParlaimint. Déanann an Pharlaimint maoirseacht ar chaiteachas an AE agus aontaíonn sí an buiséad bliantúil don AE. Tá an focal deireanach aici ar chaiteachas ó Chiste Forbartha na Réigiún Eorpach, Ciste Sóisialta na hEorpa, cláracha cultúrtha agus oideachais, cláracha um chúnamh daonna agus do theifigh. Ach, nuair is caiteachas i dtaobh talmhaíochta atá i gceist nó caiteachas a bhaineann le comhaontuithe idirnáisiúnta is féidir leis an bParlaimint leasuithe a mholadh ach is é ag an gComhairle atá an focal deireanach.

Cumhacht reachtaíochta

Gnáthnós imeachta reachtach

Is mar seo a leanas a dhéantar cinntí an Aontais Eorpaigh (AE) de ghnáth:

  • Déanann an Coimisiún moladh
  • Déanann an Chomhairle agus an Pharlaimint é a phlé agus is féidir le ceachtar acu athruithe a dhéanamh air
  • Is iad an Chomhairle agus an Pharlaimint le chéile a dhéanann an cinneadh deireanach (is éard a thugtar ar seo faoi láthair ná nós imeachta an chomh-chinnte).

Tugtar an gnáthnós imeachta reachtach air seo i gConradh Liospóin agus tugann an Conradh feidhm dó i roinnt réimsí nua.

Nósanna imeachta reachtacha speisialta

Baineann nósanna imeachta cinnteoireachta faoi leith (ar a dtugtar nósanna imeachta reachtacha speisialta i gConradh Liospóin) le 2 réimse:

  • An comhbheartas eachtrach agus slándála - is í an Chomhairle a dhéanann na cinntí
  • Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - déantar cuid de na cinntí faoi na gnáthnósanna imeachta reachtacha agus is í an Chomhairle a dhéanann cinntí eile.

Vótáil sa Chomhairle

Tá bealaí éagsúla ina dtógann an Chomhairle cinnithe. Teastaíonn cinneadh d'aonghuth le ceisteanna tábhachtacha, mar shampla, comhpholasaí eachtrach agus slandála chomh maith le cánach. Tá ceart crosta ag gach Ballstát maidir leis na ceisteanna seo mar sin.

Le ceisteanna eile, tógann an Chomhairle cinnithe le Vótáil Tromlaigh Cháilithe. Tá méid áirid vótaí ag gach Ballstát, a bhaineann le méid a dhaonra. Go dtí Bealtaine na bliana 2004 baineadh amach Tromlach Cáilithe má bhí ar a laghad 62 den 87 vóta caite i bhfábhar ábhair. Ón 1 Bealtaine 2004 go dtí 31 Deireadh Fómhair 2004 tá socruithe sealadacha i bhfeidhm maidir le vótaí.

Ón 1 Eanáir 2007, is mar seo a leanas atá an líon vótaí gur féidir le gach tír a chaitheamh (na Ballstáit nua san áireamh):

  • An Ghearmáin, An Fhrainc, An Iodáil agus an RA: 29
  • An Spáinn agus An Phólainn: 27
  • An Rómáin: 14
  • An Ísiltír: 13
  • An Bheilg, Poblacht na Seice, An Ghréig, An Ungáir agus An Phortaingéil: 12
  • An Ostair, an Bhulgáir agus An tSualainn: 10
  • An Danmhairg, Éire, An Liotuáin, An tSlóvaic agus An Fhionlainn: 7
  • An Chipir, An Eastóin, An Laitvia, Lucsamburg agus An tSlóibhéin: 4
  • Málta: 3
  • Líon iomlán na vótaí: 345.

Beidh Tromlach Cáilithe ann:

  • Má tá tromlach na mBallstát i bhfábhar ceiste; agus
  • Má chaitear ar a laghad 73.9% de na vótaí i bhfábhar ceiste.

Chomh maith, d'fhéadfadh Ballstát dearbhú a sholáthar go ndéanann na vótaí a caitheadh i bhfábhar na ceiste ionadaíocht ar son ar a laghad 62% de dhaonra iomlán an Aontais Eorpaigh. Más rud é nach bhfuil sé seo amhlaidh ní ghlacfar leis an gcinneadh.

Athruithe sa chóras vótála

De thoradh Chonradh Liospóin déanfar na hathruithe seo a leanas:

  • Méadófar líon na réimsí sin ina ndéanfar vótáil trí thromlach cáilithe agus
  • Athrófar córas vótála na Comhairle féin ó 2014 ar aghaidh.

Tabharfar tromlach dúbailte ar thromlach cáilithe agus ó 2014 i leith éileofar go sásóidh cinntí dhá choinníoll:

  • Caithfidh 55% de na ballstáit aontú leis: is ionann é sin agus a rá go gcaithfidh 15 bhallstáit a aontú leis chomh fada is atá 27 ann
  • Caithfidh siad siúd atá ag tacú leis a bheith ina n-ionadaithe ag 65% de dhaonra an AE.

Má táthar chun cosc a chur le cinneadh caithfidh 4 bhallstát ar a laghad a bheith san áireamh ar an tromlach coscach. Más rud é go bhfuil níos lú ná 4 bhallstát in aghaidh cinnte, measfar go mbeidh an tromlach cáilithe sroichte fiú mura sásófar critéir an daonra. I gcúinsí áitithe, má bhíonn níos lú ná 4 bhallstát in aghaidh cinnte féadfaidh siad cinneadh na Comhairle a chur ar fionraí go sealadach.

Beidh socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm i gcomhair na tréimhse 2014-2017; féadfaidh ballstát a iarradh i rith an ama sin go gcuirfear an nós imeachta reatha i bhfeidhm seachas an córas nua.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.