Chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin nó i Reifrinn in Éirinn, ní mór duit clárú chun vótála.
Agus tú cláraithe le haghaidh vótála thig leat páirt a ghlacadh chun chinn a dhéanamh ar an duine a n-ionadaíonn ar do shon ag leibhéal rialtais áitiúil, leibhéal rialtais náisiúnta agus leibhéal rialtais Eorpacha.
Tá an fhreagracht ar gach aon údarás in Éirinn chun liosta toghthóirí a chur le chéile agus a fhoilsiú ina ceantar féin. Tugtar Clár na dToghthóirí ar seo . Is féidir le duine ar bith an Clár seo a scrúdú agus tá sé ar fáil i ngach oifig de chuid na údarás áitiúil gach oifig an phoist, stáisiún na nGardaí agus leabharlanna poiblí. Is féidir leat Clár na dToghthóirí a sheiceáil ar líne anseo.
Tá ainm agus seoladh an vótálaí sa Chlár, agus dáta breithe agus inscne le haghaidh crostagartha fosta.
Tiomsaítear dréacht chlár nua gach aon bhliain agus foilsítear é ar 1 Samhain.
Má tá ort d'ainm a chur leis nó d’iontráil a athrú sa dréacht Chlár, is féidir é sin a dhéanamh suas go 25 Samhain gach bliain. Caithfidh tú an fhoirm RFA1 don dréacht Chlár (pdf) a chomhlánú. Tá an fhoirm RFA1 a fháil ó oifigí poist agus leabharlanna poiblí. Tá foirmeacha ar fáil ó d’údarás áitiúil agus is é chun na háite seo ba chóir foirmeacha comhlíonta a sheoladh.
Má tá tú ag cur isteach mar gur aistrigh tú chuig seoladh nua, ní mór duit an t-eolas seo a chur isteach le d’iarsheoladh sa dóigh gur féidir do shonraí a bhaint ó chlár an cheantair sin.
Foilsítear Clár leasaithe na dToghthóirí 1 Feabhra agus téann sé i bhfeidhm ar 15 Feabhra.
Mura bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí nuair a theann sé i bhfeidhm i Mí Feabhra, is féidir leat iarratas a dhéanamh le bheith curtha sa forlíonadh don Chlár ar fhoirm RFA2 (pdf). Thig leat an t-iarratas seo a dhéanamh ag am ar bith, ach chun go mbeidh sé in áireamh forlíonta atá á úsáid ag toghchán, ní mór do d’iarratas bheith faighte ag d’údarás áitiúil 15 lá roimh lá vótála ar a laghad. Ní áirítear Domhnaí, laethanta saoire phoiblí agus Aoine an Chéasta mar chuid de na laethanta chuige sin.
Má tá tú ag cur iarratais isteach le bheith ar an fhorlíonadh mar gheall ar athrú seolta is féidir leat úsáid a bhaint as foirm RFA3 (pdf). Bainfidh é seo sonraí d’iarsheolta ón Chlár chomh maith.
Foilsíonn údaráis áitiúla dhá leagan de Chlár na dToghthóirí: an clár iomlán agus an clár atheagraithe.
Liostálainn an Clár Iomlán gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh. Nuair a fhoilsítear Clár Iomlán, ní féidir é a úsáid ach amháin chun críche toghcháin nó reachtaíochta eile.
Is é sa Chlár atheagraithe atá ainmneacha agus seolta na vótálaí siúd a chur in iúil gur féidir a gcuid sonraí a úsáid le cuspóirí eile (mar shampla, úsáid dírmhargaíochta ag eagras tráchtála nó eagras eile).
Mura mian leat do shonraí a bheith curtha ar an gclár atheagraithe, ba chóir duit tic a chur sa bhosca rogha an diúltaithe. Más mian leat do shonraí clárúcháin a bheith curtha ar an gclár atheagraithe, is é sin le rá, go bhfuil tú sásta go mbeidh eagraíochta tráchtála agus eile i dteagmháil leat le dírmhargaíocht, ba chóir duit an bosca a fhágáil glan.
Mura gcuireann tú tic sa bhosca rogha an diúltaithe, ceaptar gur mian leat do shonraí clárúcháin a bheith curtha ar an gclár atheagraithe, mura mian leat do shonraí a bheith curtha ar an gclár atheagraithe, cuir tic sa bhosca rogha an diúltaithe.
Is coir é d’eagras / chomhlacht tráchtála dul i dteagmháil le duine ón chlár Iomlán na dtoghthóirí le haghaidh dírmhargaíochta. Leagadh é seo síos sa dlí faoi Alt 32 den Acht Toghcháin (Leasú) 2001 Léigh tuilleadh ar an dóigh chun déileáil le hábhar dírmhargaíochta gan iarraidh in Éirinn anseo.
Tá an saghas toghcháin ar féidir leat vótáil ag brath ar do shaoránacht.: Tá na daoine mar a leanas i dteideal vótáil:
Chun go mbeidh i dteideal bheith ar Chlár na dToghthóirí, ní mór duit:
Tá tú i dteideal bheith curtha ar fhorlíonadh do Chlár na dToghthóirí ar lá a bhaineann tú 18 mbliana d’aois amach nó ina dhiaidh. Thig leat bheith curtha má thiteann an bhreithlá seo i ndiaidh dáta deiridh na n-iarratas ach atá ar lá vótála nó lá roimhe. Má tá tú sa chatagóir seo, ní mór duit cóip do do theastas breithe a chur isteach leis an iarratas.
Tá rogha ag mic léinn a chónaíonn ar shiúil óna mbaile agus iad ar freastal ar choláiste, le bheith cláraithe ag an seoladh baile nó ag an seoladh áras cónaithe mac léinn. Níl cead agat a bheith cláraithe ach ag seoladh amháin agus ní mór duit a bheith i do chónaí ag an seoladh seo ar an 1ú Meán Fhómhair roimh theacht i bhfeidhm an chláir. Mura mbíonn cónaí ort ag an seoladh ag a bhfuil tú cláraithe ní mór duit na húdaráis cláraithe a chur ar an eolas faoi do sheoladh baile nua.
Má tá do sheoladh cláraithe fágtha agat ach go bhfuil i gceist agat filleadh air taobh istigh de 18 mí ní gá duit do sheoladh a athrú ach déanamh cinnte de nach bhfuil tú cláraithe ag aon seoladh eile.
Más saoránach Éireannach thú a chónaíonn thar lear ní féidir bheith ar Chlár na dToghthóirí. Ciallaíonn seo nach féidir leat vótáil i dtoghchán nó reifreann anseo in Éirinn. (Is é an t-aon eisceacht amháin ná chás oifigí Éireannacha ar dualgas thar lear (agus a gcéile) ar féidir leo clárú ar liosta na vótálaí poist).
De ghnáth éilítear ort vóta a chaitheamh go pearsanta ag ionad vótála oifigiúil ach is féidir go mbeidh tú i dteideal postvóta más:
Is féidir leat bheith i dteideal postvóta mura bhfuil tú in ann dul go stáisiún vótála mar gheall ar:
Ní mór d’iarratais um chuimsiúcháin ar Liosta Postvótálaí bheith faighte ag 25 Samhain ar a dhéanaí.
Má tá tú cláraithe mar phostvótálaí, ní féidir leat vóta a chaitheamh ach tríd an phoist. Ní féidir leat vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála.
Má tá teideal agat bheith ar liosta postvótálaí ach nach bhfuil ann, is féidir leat cur isteach bheith ar na forlíonta ábhartha do na liostaí.
Is dhá lá i ndiaidh dháta lánscor na Dála i gcás toghcháin ghinearálta nó dhá lá i ndiaidh an ordaithe chun lá vótála a cheapadh do thoghcháin nó reifrinn eile an dáta is déanaí le haghaidh fháil iarratas.
Is féidir go gcáilíonn tú bheith ar Liosta Speisialta Vótálaí atá do dhaoine atá ina gcónaí in ospidéil, tithe altranais nó a leithid sin d’institiúidí agus ar mian leo vóta a chaitheamh ag na suímh sin. Caithfear iarratais le haghaidh cuimsiúcháin ar liosta speisialta vótálaí a dhéanamh roimh 25 Samhain agus, i gcás chéad iarratais, ní mór teastas dochtúra a chur leis.
Má tá teideal agat bheith ar liosta Speisialta Vótálaí ach nach bhfuil ann, is féidir leat cur isteach bheith ar na forlíonta ábhartha do na liostaí.
Is dhá lá i ndiaidh dháta lánscor na Dála i gcás toghcháin ghinearálta nó dhá lá i ndiaidh an ordaithe chun lá vótála a cheapadh do thoghcháin nó reifrinn eile an dáta is déanaí le haghaidh fháil iarratas.
Tá foirmeacha iarratais le bheith ar Chlár na dToghthóirí, Liosta Speisialta Vótálaí, liosta postvótálaí agus Clár leasaithe na dToghthóirí ar fáil ó gach aon údarás áitiúil, oifigí poist agus leabharlanna poiblí. Caithfidh tú foirmeacha comhlíonta a fhilleadh do d’údarás áitiúil.
Tá foirmeacha ar fáil freisin ar www.checktheregister.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.