Ionadaíocht Chionmhar

Réamhrá

Nuair a vótálann tú i dtoghchán in Éirinn, iarrtar ort do vóta a thabhairt in ord tosaíochta. Tarlaíonn sé seo toisc go n-úsáideann Éire córas toghcháin ar a dtugtar ionadaíocht chionmhar le vóta inaistrithe amháin (PR-STV, nó PR go gairid).

Bíonn ainmneacha na n-iarrthóirí le feiceáil in ord aibítre ar an bpáipéar ballóide, mar aon lena ngrianghraif agus suaitheantas a bpáirtí (más mian leo). Vótálann tú trí 1 a scríobh in aice d’iarrthóra chéad rogha, 2 in aice do dhara rogha, 3 in aice do thríú rogha agus mar sin de. Féadfaidh tú stopadh tar éis 1 nó is féidir leat leanúint ar aghaidh ag tabhairt vóta tosaíochta don oiread iarrthóirí is mian leat ar an bpáipéar ballóide. Nuair a vótálann tú le níos mó ná rogha amháin, tá tú ag treorú don Cheann Comhairimh (an duine atá freagrach as vótaí a chomhaireamh) má dhéantar an t-iarrthóir is fearr leat a leigeadh, nó a thoghadh le barrachas vótaí, ba mhaith leat go n-aistreofaí do vóta chuig do iarrthóir dara rogha. Úsáidtear PR i ngach toghchán in Éirinn, lena n-áirítear:

Vótáil i dtoghchán PR

Ag an stáisiún vótála lá an toghcháin, tabharfar páipéar ballóide stampáilte duit. Féadfaidh an Ceann Comhairimh aitheantais nó cárta vótaíochta a lorg. Caitheann tú do vóta in áit phríobháideach.

Liostófar na hiarrthóirí toghcháin in ord aibítre in éineacht lena bpictiúr, ainm a bpáirtí (más páirtí polaitíochta iad) agus suaitheantas a bpáirtí (i gcásanna áirithe). Vótálann tú tríd an uimhir de do rogha a chur in aice leis an iarrthóir nó na hiarrthóirí a roghnaíonn tú.

Féadfaidh tú vótáil ar son an oiread is mó nó is lú de na hiarrthóirí is mian leat.

Más mian leat vótáil d’iarrthóir amháin, ba cheart duit uimhir 1 a mharcáil sa bhosca in aice le hainm an iarrthóra. Níor chóir duit tic a chur sa bhosca ná é a mharcáil le X.

Nuair a vótálann tú ba chóir duit do pháipéar ballóide a fhilleadh ionas nach mbeidh do vóta le feiceáil agus an páipéar ballóide fillte a chur sa bhosca ballóide.

Má dhéanann tú botún ar do pháipéar ballóide, féadfaidh an Ceann Comhairimh páipéar ballóide eile a thabhairt duit. Is faoi rogha an Cheann Comhairimh é seo. Má do bhallóid curtha sa bhosca ballóide agat cheana féin, ní féidir leis an gCeann Comhairimh páipéar ballóide eile a thabhairt duit.

Vótaí millte

Tugtar vótaí millte ar pháipéir bhallóide nach féidir a chomhaireamh. Féadfar páipéir bhallóide a mhilleadh má:

  • Fágadh an páipéar ballóide bán
  • Chuir an vótálaí tic nó marcáil ar bhealach eile in aice an iarrthóra nó na n-iarrthóirí ab fhearr leis, seachas iad a uimhriú
  • Mura bhféadfaí an scríbhneoireacht ar an bpáipéar ballóide a thuiscint ● Mura raibh an uimhir “1” ná an focal “a haon” in aice iarrthóir ar bith sa pháipéar ballóide
  • Níor stampáil an Ceann Comhairimh an páipéar ballóide
  • Scríobh an vótálaí a ainm nó ma d’aithin sé é féin ar bhealach éigin
  • Mura raibh an t-ord tosaíochta soiléir (mar shampla, scríobh an vótálaí “3” in aice le 2 iarrthóirí éagsúla)
  • Rinne an vótálaí a pháipéar a mhilleadh d’aon ghnó mar agóid

Conas a dhéantar vótaí a chomhaireamh idtoghchán PR?

Nuair a bhíonn an vótáil thart, tógtar na boscaí ballóide go léir go dtí áit chomhaireamh lárnach do gach dáilcheantar. Tosaíonn an comhaireamh ag 9rn an lá tar éis lá na vótála. Osclaítear gach bosca ballóide ar leithligh agus déantar na páipéir bhallóide i ngach bosca a chomhaireamh. Cuirtear an líon iomlán i gcomparáid le líon iomlán na bpáipéar ballóide a eisíodh don bhosca sin - déantar é seo chun a sheiceáil nár cuireadh páipéir bhallóide isteach sa bhosca nó nár tógadh amach iad ó dúnadh an vótáil.

Ansin déantar na páipéir bhallóide a shórtáil ina gcairn de pháipéir bhallóide gach iarrthóra.

Déantar na páipéir bhallóide a chomhaireamh agus a shórtáil, agus diúltaítear do pháipéir mhillte.

Is í an vótáil bhailí iomlán líon iomlán na vótaí lúide líon na bpáipéar millte.

Tarlaíonn an comhaireamh ansin thar roinnt babhtaí. De réir mar a dhéantar iarrthóirí a thoghadh nó a leigeadh, déantar an dara, an tríú (nó níos ísle) ar pháipéar ballóide an iarrthóra sin a chomhaireamh.

Leanann an comhaireamh ar aghaidh go dtí go mbeidh na suíocháin uile líonta.

Conas a ríomhtar an cuóta?

Chun a bheith tofa, de ghnáth ní mór d’iarrthóir cuóta an dáilcheantair a bhaint amach. Is féidir le hiarrthóir nár shroich an cuóta an suíochán deireanach a líonadh má toghadh nó má leigeadh deireadh leis na hiarrthóirí eile go léir.

Ríomhtar an cuóta tríd an vótáil bhailí iomlán a roinnt ar 1 níos mó ná líon na suíochán atá ar fáil (má tá uimhir le tabhairt anonn, déantar neamhaird air), agus ansin 1 a chur leis.

Mar shampla, i ndáilcheantar 4 shuíochán a bhfuil vótáil bhailí iomlán de 25,000 ann, is é an cuóta: 25,000 (an vótaíocht bhailí iomlán) arna roinnt ar 5 (1 níos mó ná líon na suíochán), is é sin 5000. Ansin cuir 1 leis. Is é 5001 an cuóta.

Cad a tharlaíonn e farasbarr vótaí?

Má fhaigheann iarrthóir níos mó ná an cuóta, aistrítear farasbarr a chuid páipéar ballóide chuig na hiarrthóirí eile.

Aistrítear an farasbarr i gcomhréir le cé mhéad rogha dara (nó níos ísle) a fuair na hiarrthóirí eile i vóta an iarrthóra tofa. Má thoghtar an t-iarrthóir dara rogha ar aon bhallóid cheana féin nó má leigeadh e/í, úsáidtear an tríú rogha, agus mar sin de.

Má thoghtar iarrthóir ag an gcéad chomhaireamh, úsáidtear a vótaí go léir chun an chuid den fharasbarr a thabharfar do gach iarrthóir a ríomh.

Mar shampla:

Faigheann Iarrthóir A 6000 vóta céadrogha ag an gcéad chomhaireamh. Is é 5000 an cuóta. Toghtar A le farasbarr de 1000 vóta. As vóta iomlán A 6000, thug 30% a dara rogha do B, agus thug 20% a dara rogha do C. Faigheann B 300 vóta (30% de 1000) agus faigheann C 200 vóta (20% de 1000).

Sa chás go sroicheann iarrthóir an cuóta tar éis an chéad chomhairimh, ní dhéantar ach na páipéir bhallóide a thug leo an cuóta a scrúdú (na vótaí a aistríodh ón gcomhaireamh roimhe seo).

Má thoghtar 2 iarrthóir nó níos mó ag an am céanna, déantar farasbarr an iarrthóra leis an vóta is mó a dháileadh ar dtús.

Conas a dhéantar iarrthóirí a leigeadh?

Mura sroicheann aon duine an cuóta tar éis babhta comhaireamh, leigtear an t-iarrthóir a bhfuil an líon is lú vótaí aige, agus déantar a vótaí go léir a dháileadh. Is féidir níos mó ná 1 iarrthóir a leigeadh tar éis babhta vótála más léir nach féidir iad a thoghadh, agus mura féidir leo cáiliú chun a gcostais toghcháin a aisíoc.

Costais toghcháin a fhorchúiteamh

Féadfaidh iarrthóirí cáiliú le haghaidh fhorchúiteamh (aisíocaíocht) a gcuid costas toghcháin (suas le huasmhéid €8,700 i dtoghchán Dála), má:

  • Thoghtar iad
  • Mura dtoghtar iad, ach sáraíonn líon iomlán na vótaí an ceathrú cuid den chuóta

Tá rialacha breise comhairimh ann chun gach seans a thabhairt d’iarrthóirí an tairseach vótála seo a bhaint amach. I bhfothoghchán, ríomhtar an tairseach ar bhealach éagsúil lena chinntiú go bhfuil an líon íosta vótaí is gá chun cáiliú le haghaidh forchúiteamh costas toghcháin in olltoghchán agus i bhfothoghchán sa dáilcheantar céanna inchomparáide den chuid is mó.

Athchomhairimh

Is féidir athchomhaireamh a ordú má iarrann iarrthóir ceann, nó má chinneann an Ceann Comhairimh go bhfuil athchomhaireamh ag teastáil.

D’fhéadfadh iarrthóir athchomhaireamh de chomhaireamh áirithe, nó babhta vótála a lorg. Ciallaíonn sé seo nach ndéantar ach na vótaí a comhaireadh sa bhabhta deireanach a chomhaireamh arís agus é a cheartú más gá.

D’fhéadfadh iarrthóir athchomhaireamh iomlán a lorg, rud a chiallaíonn go ndéantar na vótaí go léir a chomhaireamh mar atá siad tráth an iarratais. Má aimsítear earráid, déantar na vótaí go léir a athchomhaireamh ón am a tharla an botún.

Is féidir go bhféadfadh toghchán iarrthóirí a measadh a bheith tofa cheana féin a bheith curtha ar neamhní mar gheall ar athchomhaireamh. Meastar go dtoghfar iarrthóir nuair a shroicheann sé cuóta na vótaí.

Mar sin féin, a luaithe a dhearbhaítear an toradh, ní fhéadfaidh athchomhaireamh tarlú ach amháin má ordaíonn an Ard-Chúirt é. Dearbhaítear go bhfuil iarrthóir tofa nuair a bhíonn an comhaireamh iomlán críochnaithe agus nuair a dhearbhaíonn an Ceann Comhairimh na torthaí.

Tuilleadh eolais

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil treoir maidir le hionadaíocht chionmhar (pdf).

Rannóg Toghchórais

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta

Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
D01 W6X0
Éire

Teil: (01) 888 2000
Lóghlao: 1890 20 20 21
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Meán Fómhair 2022