Má tá tú ar Chlár na dToghthóirí, gheobhaidh tú cárta vótála, tríd an bpost go dtí do theach, roimh dáta an reifrinn. Beidh do uimhir vótála ar do chárta vótála chomh maith le ainm an ionad vótála. Beidh ráiteas air, freisin, ag míniú ábhar an reifrinn .
Tá cóip iomlán den bhille atá chun an Bunreacht a athrú le feiceáil ag oifig an phoist nó in aon fhoirgneamh poiblí eile. Cuirfidh an Coimisiún Reifreann. eolas ar fáil, freisin, faoin reifreann
Ní mór duit dul chuig an ionad vótála atá ar do chárta vótála ar lá an reifrinn. Beidh eolas ar fáil ag an ionad vótála ag míniú an reifrinn duit. Gheobhaidh tú páipéar ballóide.
Is vóta rúnda atá ann. Beidh treoir ar do pháipéar ballóide maidir le conas do vóta a chaitheamh maraon le teideal an Bhille atá ós do chomhair chun an bunreacht a athrú. Cuirfidh an páipéar ballóide ceist ort an mian leat go ndéanfaí dlí den bhille nua. Tá ort "X" a chuir sa bhosca do "Tá" nó "Níl" ar do pháipéar ballóide. Is féidir leat do pháipéar ballóide a lúbadh, ionas nach féidir le aon duine do vóta a fheiceáil, agus ansin é a chuir sa bhosca ballóide. Níl cead vóta a chaitheamh ach aon uair amháin i reifreann.
Nuair atá na vótaí go léir istigh agus iad comhairthe tugann an tOifigeach vótála toradh an reifrinn.
Más saoránach Éireannach tú a bhfuil cónaí ort thar lear ní féidir tú a chur ar Chlár na dToghthóirí. Ciallaíonn sé sin nach féidir leat vótáil i dtoghchán ná i reifreann anseo in Éirinn. (Is é an t-aon eisceacht leis sin ná taidhleoirí de chuid na hÉireann (agus a gcéilí) atá i mbun dualgais thar lear a fhéadann vótáil tríd an bpost).
Tabhair leat páipéar aitheantais phearsanta, mar shampla, ceadúnas tiomána nó pas, ag dul chun vótála duit.
Is féidir féachaint ar an mbille iomlán soar in aisce ar an suíomh seo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.