Ciallaíonn an fhaisnéis seo leanas conas a bheadh toradh an reifrinn comhordaithe.
I ngach dáilcheantar, ar an lá i ndiaidh an toghcháin, osclaíonn an t-oifigeach toghcháin na boscaí in ionad comhaireamh áitiúil. Déantar comhaireamh ar na vótaí ar son an reifrinn agus na vótaí in aghaidh an reifrinn i ngach ionad agus cuirtear an toradh ar aghaidh chuig an oifigeach reifrinn náisiúnta.
Nuair a thagann na comhairimh go léir isteach chuig an oifigeach reifrinn náisiúnta, ó gach dáilcheantar sa tír, éisíonn sé nó sí teastas sealadach reifrinn a léiríonn toradh náisiúnta na vótála. Léiríonn an teastas seo, freisin, ar aontaigh an pobal leis an leasa bunreachta a bhí ós a gcomhair nó nár aontaigh.
Foilsítear an teastas san Iris Oifigiúil. Má theastaíonn uait dúshlán an toraidh a léiríonn an teastas a thabhairt, ní mór duit achainí a chuir ós comhair nahArdchúirte taobh istigh de 7 lá ó dháta an fhoilsithe sin. Muna dtagann aon achainí ós comhair na hArdchúirte bíonn an teastas reifrinn buan.
Má léiríonn an teastas go raibh tromlach na vótaí a caitheamh i
bhfabhar an leasaithe ar an mBunreacht, téann an Bille ós comhair an Uachtaráin
chun a bheith sínithe agus tá an Bunreacht leasaithe ansin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.