Bunaítear coimisiún reifrinn nua in Éirinn le haghaidh gach reifreann nua a bhíonn ann, má dhéanann an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil ordú aireachta chun coimisiún a cheapadh.
Ullmhaíonn gach coimisiún reifrinn nua eolas neamhspleách agus neamhchlaonta faoin reifreann agus cuireann sé an t-eolas sin ar fáil don phobal. Foilsíonn agus scaipeann an coimisiún leabhráin agus bróisiúir a thugann eolas ginearálta faoin reifreann. Freisin cuireann siad díospóireacht agus plé chun cinn faoin reifreann agus fógraíonn siad an reifreann sna meáin.
Bunaíodh an Coimisiún Reifrinn reatha roimh an reifreann a tharlóidh an 2 Deireadh Fómhair 2009 - nuair a iarrfar ar dhaoine vótáil chun Bunreacht na hÉireann a leasú le Conradh Liospóin.
Roimh an reifreann sin, bhunaigh an Coimisiún láithreán gréasáin tiomnaithe don reifreann ar Chonradh Liospóin agus bileog treorach ag míniú Conradh Liospóin (pdf).
Is é Cathaoirleach reatha an Choimisiún Reifrinn ná an Breitheamh Onórach Frank Clarke (breitheamh den Ard-Chúirt). Faoi Acht an Reifrinn, 1998 is iad gnáthbhaill an Choimisiúin ná Cléireach na Dála, Cléireach an tSeanaid, an tOmbudsman agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Bíonn fógraíocht teilifíse, preas, allamuigh agus pictiúrlainne ar siúl le linn na seachtainí roimh an reifreann chun eolas ginearálta a thabhairt faoi na hábhair atá i gceist. Bíonn fotheidil ag gabháil leis na craoltaí teilifíse agus déantar físeán speisialta den leabhrán eolais i dteanga chomharthaíochta na hÉireann agus scaiptear é ar bhaill de phobal na mbodhar in Éirinn. Freisin déantar leabhráin eolais an Choimisiúin i mBraille agus ar théip le haghaidh daoine a bhfuil lagú amhairc orthu agus scaiptear iad trí Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill.
Ní mór don choimisiún reifrinn a chuid dualgas a chomhlíonadh ar bhealach atá cóir do gach duine lena mbaineann.
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 639 5695
Lóghlao:1890 270 970
Facs:(01) 639 5674
Láithreán Gréasáin: http://www.refcom.ie/en/Home/
R-phost: refcom@ombudsman.gov.ie
Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil
Teach an Chustaim
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 888 2424
Lóghlao:1890 20 20 21
Láithreán Gréasáin: http://www.environ.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.