Tá dhá chineál reifreann in Éirinn.
Má tá an rialtas ag iarraidh rud a athrú i mBunreacht na hÉireann, ní foláir dó é sin a dhéanamh tríd reifreann bunreachtúil a eagrú. Tugann an reifreann deis do mhuintir na hÉireann vótáil ar son, nó in aghaidh, an athraithe nó an leasaithe ar an mBunreacht atá beartaithe.
Má tá an rialtas ag iarraidh dlí a thabhairt isteach a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, is féidir leis an Seanad agus an Dáil iarratas a dhéanamh chuig an Uachtarán reifreann faoin dlí a eagrú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.