Is féidir "gnáth reifreann" a bheith ann, sé sin ceann nach mbaineann le leasú a dhéanamh ar an mBunreacht, cé nach raibh aon reifreann den chineál seo ann fós. Ó bhunús an Stáit ní raibh aon reifreann den chineál seo ann fós.
Dá bhfaigheadh an tUachtarán comhachainí ón Dáil agus ón Seanad d'fhéadfaí gnáth reifreann a bheith ann. Bheadh sé leagtha síos san achainí go raibh tábhacht mór náisiúnta ag baint le Bille molta nach mór toil mhuintir na hÉireann a fhiosrú romh dlí a dhéanamh den bhille.
Ní mór do thromlach na Seanadóirí agus aon trian de na Teachtaí Dála a bheith ar son na hachainí. Nuair a thagann an achainí os comhair an Uachtaráin ní mór dí/dó dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit.
Má dhéanann an tUachtarán cinneadh go bhfuil tábhacht mór náisiúnta ag baint leis an moladh sa bhille gur gá toil mhuintir na hÉireann a lorg diúltóidh sí/sé an bille a shíniú go dtí go mbeidh reifreann ar an gceist.
Ní mór go mbeadh reifreann ann taobh istigh de 18 mí ó dhéanann an tUachtarán cinneadh gan an bille a shíniú. Tugann an reifreann deis do phobal na hÉireann cinneadh a dhéanamh an ceart dlí a dhéanamh in Éirinn den bhille.
Tá an córas vótála céanna i bhfeidhm do ghnáth reifreann agus a bhíonn do reifreann bunreachtúil , ach amháin go meastar go bhfuil diúltaithe ag an bpobal don mholadh má:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.