Ní féidir leis an rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach má tá sí in aghaidh an bhunreachta mar sin amanna bíonn athruithe nó leasuithe ar an mBunreacht ag teastáil.
Gach uair atá an Rialtas ag iarraidh athraithe nó leasaithe a dhéanamh ar an mBunreacht, ní foláir dó é sin a dhéanamh trí reifreann a eagrú. Tugann reifreann deis do mhuintir na hÉireann vótáil ar son nó in aghaidh an athraithe nó an leasaithe atá beartaithe.
Chun reifreann a fhógairt, ní foláir an moladh chun athrú a dhéanamh ar an mBunreacht a thabhairt isteach sa Dáil mar Bhille. Déanann an Bille cur síos ar an leasú bunreachtúil atá beartaithe. Caithfidh an Dáil agus an Seanad araon glacadh leis an mBille.
Ansin cuirtear an Bille os comhair an phobail ionas go mbeidh siad in ann vótáil ar a shon nó ina aghaidh. Má tá tromlach na vótaí a caitheadh sa Reifreann i bhfabhar an athraithe, síníonn an tUachtarán an Bille agus déantar leasú ar an mBunreacht ansin. Leigh tuilleadh faoin tUachtarán agus reachtaíocht.
I nDeireadh Fómhair 2009, rith an Bhille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht (Conradh Liospóin) 2009 (pdf) sa reifreann is déanaí in Éirinn.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.