Is é Sirriam an Chontae, nó Cláraitheoir an Chontae an ceann comhairimh agus is é/í an duine atá freagrach as an vótáil a eagrú, na páipéir ballóide a phriontáil, agus na vótaí a chomhaireamh i ngach dáilcheantar.
Cuireann an ceann comhairimh ionaid vótála ar fáil -de ghnáth baintear úsáid as scoileanna agus foirgnimh phoiblí.
D'fhéadfadh gach iarrthóir gníomhaire pearsanaíochta a bheith aige/aice ag an ionad vótála. Déanann an gníomhaire pearsanaíochta maoirseacht ar an vótáil agus tugann sé/sí cúnamh chun coireanna vótála a sheachaint.
Má tá tú ar Chlár na Vótálaithe, seolfar carta vótála chuig do theach roimh dáta an olltoghcháin. Beidh d'uimhir vótála ar an gcárta vótála agus tabharfaidh sé eolas duit faoin ionad vótála.
Nuair a shroicheann tú an t-ionad vótála, iarrfar ort d'ainm agus do sheoladh a lua, agus d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort cruthú cé thú féin. Má iarrtar ort cruthú cé thú féin agus má tharlaíonn sé nach bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh, d'fhéadfadh sé nach dtabharfaí cead vótála duit. Má tá an ceann comhairimh sásta maidir le d'aitheantas, stampáilfear do pháipéar ballóide agus tabharfar duit é.
Ansin, rachaidh tú chuig bothán vótála. Tugtar ainmneacha na n-iarrthóirí sa toghchán ar an bpáipéar ballóide in ord aibitre, le tagairt dá bpáirtí polaitíochta má tá baint acu le páirtí. D'fhéadfadh griangraf iarrthóra agus/nó comhartha páirtí a bheith ar an bpáipéar ballóide freisin.
Ní foláir duit ord do rogha a thaispeáint trí 1 a scríobh sa bhosca le hais griangraif an iarrthóra a roghnaíonn tú sa chéad áit, agus más mian leat, 2 le hais griangraf do dara rogha iarrthóra, 3 le hais do thriú rogha, agus mar sin de.
Nuair a vótáileann tú sa chaoi seo, tugann tú ordú don cheann comhairimh do vóta a aistriú chuig do dara rogha iarrthóra má tá do chéad rogha tofa nó díbeartha. Má tá do dara rogha iarrthóra tofa nó díbeartha, aistreofar do vótá go dtí do thríú rogha agus mar sin de. Glaotar vóta amháin inaistrithe ar an gcóras seo.
Ní foláir duit, ina dhiaidh sin, do phaipéar ballóide a fhilleadh chun do vóta a chur i bhfolach, agus é a chur sa bhosca ballóide séalta. Níl cead agat vótáil ach uair amháin sa toghchán.
Tá roinnt modhanna ar fáil chun deis a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas a vótaí a chaitheamh .
Is féidir le príosúnaigh vótáil trí chlárú ar an Liosta Postvótálaí.
Chun a bheith in ann vótáil in olltoghchán :
Caithfidh tú foirm bhailí d'ábhar aitheantais pearsanta a thabhairt leat, mar shampla:
Beidh seoladh d'ionad vótála áitiúil ar do charta vótála, a seolfar chugat roimh an toghchán.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.