Ní foláir olltoghchán a bheith ann taobh istigh de 30 lá ó lánscor na Dála. Eisíonn Cléireach na Dála eascaire don cheann comhairimh i ngach dáilcheantar ag tabhairt ordaithe dó/di toghchán a reachtáil.
Ceapann an tAire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil an lá vótaíochta nach mór a reáchtáil idir an 18ú agus an 25ú lá tar éis aon eascaire a eisiúint (ní bhíonn Aoine an Chéasta, Domhnaí agus Saoirí Poiblí san áireamh). Ceapann an tAire an tréimhse vótaíochta freisin a mhairfidh ar feadh 12 uair an chloig ar a laghad idir 7 r.n. agus 10.30 i.n.
Má tá suim agat léigh faoi olltoghcháin, d'fhéadhfadh a bheith suim agat sna doiciméid seo leanas:
Ní cheadaíonn dlí na hÉireann póstaeir/fógraí a chur ar chuaillí nó struchtúir eile in áiteanna poiblí gan cead scríofa bheith faighte ó úinéir an chuaille nó an struchtúir eile roimh ré. Níl sé ceadaithe póstaeir a chur suas ach le linn tréimhse áirithe roimh toghchán. Is féidir póstaeir a chur suas ón 30ú lá roimh lá na vótála, nó ar feadh 30 lá tar éis an data ar a eisítear an tOrdú um Lá Vótála, pé acu an tréimhse is giorra.
Tar éis toghchán ginearálta, ní mór do pháirtí/iarrthóir póstaeir a bhaint taobh istigh de thréimhse seacht lá. Tar éis na tréimhse sin, gearrfaidh an t-údarás áitiúil fíneáil láithreach de €150 i dtaca le gach póstaer nach mbaintear. Agus an fíneáil á heisiúint, bainfidh an t-údarás áitiúil an póstaer. Má dhiúltaíonn páirtí/iarrthóir fíneáil atá eisithe a íoc, is féidir leis an údarás áitiúil iad a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche chun an íocaíocht a fháil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.