Anseo atá tú: Baile > Rialtas in Éirinn > Toghcháin agus Reifrinn > Toghcháin Náisiúnta > Seanad - Toghcheantar na nOllscoileanna

Print Page Send to a Friend

Seanad - Toghcheantar na nOllscoileanna

Eolas

Ollscoil na hÉireann

Is féidir le Ollscoil na hÉireann (OÉ) triúr a thoghadh don Seanad. Seo a leanas coláistí OÉ:

  • Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
  • Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • Coláiste na hOllscoile, Gaillimh agus
  • Ollscoil Mhá Nuad.

Bronnann OÉ céimeanna i roinnt coláistí eile freisin. Is féidir le céimithe "na gcoláistí aitheanta seo" vóta a chaitheamh i dtoghcháin an tSeanaid chomh maith. Seo a leanas na coláistí aitheanta:

  • Coláiste Ríoga na Máinlianna
  • Coláiste Naomh Aingeal, Sligeach
  • Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha
  • Coláiste Bainistíocht Óstáin na Sionainne agus
  • An Fóras Riaracháin.

Tá coláistí a raibh aitheantas acu tráth ann freisin. Céimithe de na coláistí seo a bhfuil céim OÉ acu is féidir leo vóta a chaitheamh i dtoghcháin an tSeanaid. I measc na gcoláistí a raibh aitheantas acu tá:

  • Coláiste Naomh Phádraig, Má Nuad (Ollscoil Mhá Nuad anois)
  • Coláiste Naomh Mhuire na Trócaire
  • Coláiste Naomh Mhuire Gan Smál, Luimneach (atá anois ina choláiste d'Ollscoil Luimnigh)
  • Coláiste Naomh Phádraig, Drom Conrach (atá anois ina choláiste d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)
  • INAO, Luimneach (Ollscoil Luimnigh anois) agus
  • Coláiste Thuaidh Mhumhan, Luimneach (atá anois mar chuid d'Ollscoil Luimnigh).

Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide)

Is féidir le hOllscoile Bhaile Átha Cliath triúr a thoghadh don Seanad. Mar sin is féidir le céimithe de Choláiste na Tríonóide vóta a chaitheamh sa toghchán. Tá roinnt coláistí eile a bhronnann céimeanna ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ina measc Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Is féidir le céimithe na gcoláistí sin a bhfuil céim acu ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath vóta a chaitheamh i dtoghcháin an tSeanaid.

Bunaíodh Fochoiste de Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí Sheanad Éireann chun athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le comhdhéanamh agus feidhmeanna reatha an tSeanaid agus an comhdhéanamh agus na feidhmeanna a bheidh aige amach anseo. In 2004 chuir an coiste Tuarascáil ar Leasú an tSeanaid (pdf) le chéile a chuimsigh athbhreithniú ar an gcóras ainmniúcháin agus toghcháin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.