Nuair atá na hiarrthóirí uilig don Seanad ainmnithe, cuireann an ceann comhaireamh liosta na n-iarrthóirí ainmnithe do gach painéal chuig gach vótálaí. Beidh ainm an iarrthóra chomh maith le ainm na n-eagras nó na ndaoine a d'ainmnigh an iarrthóir ar an liosta seo.
Ar an lá vótála, cuireann an ceann comhaireamh litir chláraithe sa phost chuig gach vótálaí ina bhfuil cúig chinn de pháipéar ballóide - ceann do gach painéal. Beidh ainmneacha na n-iarrthóirí ar na páipéir bhallóide in ord aibítre, a seoltaí agus cur síos orthu chomh maith leis an bhfo-phainéal lena bhfuileadar ainmnithe.
Má tá baint le páirtí polaitiúla ag iarrthóir, ní bhíonn sé seo luaite ar an bpáipéar ballóide.
Tugann an vótálaí vóta do na hiarrthóirí de réir a rogha féin agus cuireann sé/sí ar ais na páipéir bhallóide chuig an gceann comhaireamh i bpostas cláraithe.
Bíonn comhaireamh faoi leith ann do gach painéal. Déantar na hiarrthóirí a toghadh de réir hionadaíochta cionúirena ar mhodh an aonghutha inaistrithe.
Déantar cuóta vótaí a áireamh le theacht ar an méid vótaí a theastaíonn le iarrthóir a thoghadh. Má shroicheann iarrthóir an cuóta tá sé/sí tofa.
Má bhíonn níos mó vótaí ag iarrthóir ná an cuóta déantar an fuílleach a roinnt idir na hiarrthóirí eile de réir an chéad rogha eile ar na páipéir bhallóide. Muna shroicheann aon iarrthóir an cuóta, cuirtear an t-iarrthóir leis an líon is lú vótaí as an áireamh agus roinntear a vótaí ar na hiarrthóirí eile de réir an chéad rogha eile ar na páipéir bhallóide.
Seo a leanas líon na n-iarrthóirí gur féidir a thoghadh as gach painéal;
Má chailltear Seanadóir, má éiríonn sé/sí as oifig nó má dhéantar Seanadóir a dícháiliú ó Sheanad Éireann, líonfar an folúntas le fo-thoghchán.
Tá vóta ag daoine áirithe i dtoghcháin phainéil don Seanad. Sin iad:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.